Bhí na céadta daoine, idir phoblachtánaigh, shóisialaithe agus cheardchumannaigh, ar shráideanna Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn chun slán a rá le Bob Doyle agus é ar a thuras deiridh trína bhaile dúchais.
Bhí Bob ina óglach IRA, bhall den Chomhdháil Phoblachtach agus sheansaighdiúir ó na Briogáidí Idirnáisiúnta a throid i gCogadh Cathartha na Spáinne ar son na poblachta agus in éadan fhás an fhaisisteachais sna 1930í.
Foilsíodh leagan Béarla de fhéinbheatháisnéis Bob mar Brigadista: an Irishman’s Fight against Fascism in 2006, ina gcuirtear síos ar bheatha an réibiliúnaigh gan stad. Rugadh Bob 12ú Feabhra 1916 agus fuair sé bás 22ú Eanáir 2009 i Londain, é beagnach 93 bliain d’aois.
Bhí an deis agam féin bualadh le Bob cúpla uair, agus gach uair a labhair sé go poiblí bhí teachtaireacht amháin aige dá lucht éisteachta. Ní fiú bheith ag inbhreathnú faoin am atá thart, a deireadh sé, nó níl fórsaí an fhaisisteachais ná an impiriúlachais cloíte go fóill. La lucha continúa, a chríochnaíodh sé leis, leanann an streachailt ar aghaidh.
Thíos tá físeáin ón imeacht Dé Sathairn, nuair a tugadh luaithreach Bob Doyle ar ais go hÉirinn.
Greetings. 🙂