Cás na gcimí a chíoradh ag cruinniú Rosemary

30 Márta, 2013
Rosemary Nelson

Rosemary Nelson

Bhí an Léacht Bliantúil Comórtha Rosemary Nelson ar siúl i Muileann Mhic Con Midhe Déardaoin 14ú Márta. Ba é an lá dár gcionn, an 15ú Márta, an comóradh ceithre bliana dhéag ar dhúnmharú Rosemary.

Tá an t-imeacht cuimhneacháin seo á reáchtáil le blianta beaga anuas ag an dlíodóir agus gníomhaí chearta daonna Pádraigín Drinan le cuimhneamh ar a cara agus ar an obair ar fad a rinne sí, trí aird a dhíriú ar cheisteanna chearta daonna sa lá atá inniu ann.

I mbliana dhírigh an chaint isteach ar cheist na gcimí agus ar an drochíde a fhulaingíonn cuid mhaith acu go minic faoi lámha an stáit. Bhí paineál de chainteoirí ann ar an oíche ag labhairt ar ghnéithe éagsúla den ábhar seo.

Thosaigh an chaint le trácht ar chásanna roinnt chimí poblachtacha agus na bealaí éagsúla a bhfuil an stát ag úsáid (agus ag mí-úsáid) reachtaíochta chun iad a chiapadh.

Tá Stephen Murney ar choiméad i bPríosún Mhaigh gCabraí le ceithre mhí anuas. Díreach sula raibh éisteacht bhanna le bheith aige ag deireadh mhí Feabhra, thóg an PSNI ón phríosún é go hionad ceistiúcháin Aontroma, áit ar chuir siad tuilleadh cúiseamh ina leith.

Cúisimh sheafóideacha atá iontu a bhaineann le stionsail agus bileogaí agus eile a bheith ina sheilbh. Ní mór do gach gníomhaí polaitiúil féachaint ar an chás seo áfach nó má éiríonn leis an stát Stephen a chiontú as cúiseanna chomh suarach leis seo, ceann caol na dinge a bheas ann gan amhras – agus an G8 ag teach gan mhoill chomh maith.

Bhí fócas ar an reachtaíocht i gcás Martin Corey, ar cheist scanrúil na fianaise rúnda nach bhféidir le Martin ná a fhoireann chosanta a fheiceáil, agus ar na ‘habhcóidí speisialta’ atá in ainms seasamh don chosantóir ach nach bhfuil ábalta aon rud a rá leo.

Rinneadh tagairt chomh maith don chinneadh a rinne an Breitheamh Séamus Treacy mí Iúil seo caite go raibh cearta daonna Martin sáraithe agus gur chóir é a scaoileadh saor láithreach, ach gur chuir státrúnaí na Breataine an cinneadh sin ar ceal go tobann.

Rinne an Dr Linda Moore cur síos ar phríosún na mban i Hydebank mar ‘phríosún laistigh de phríosún’. Labhair sí faoi dhrochshláinte Marian Price agus labhair sí chomh maith faoi staid na mban i ngéibheann go ginearálta agus ar an taighde atá déanta aici ag fiosrú an scéil seo.

Rinne sí cur síos ar chás tragóideach Frances McKeown, bean óg 23 bliain d’aois a d’fulaing faoi fhadhbanna meabharghalair ach a bhí faoi ghlas i Hydebank, áit nach raibh teacht aici ar an chuidiú a bhí de dhíth uirthi. Fuarthas marbh ina cillín í mí Bealtaine 2011.

Luaigh Moore chomh maith gur chonacthas di agus í i mbun tuairisce ar phríosúnú na mban go raibh beagnach an leathchuid de mhná i bpríosún sa tréimhse sin ann mar gur theip orthu fíneálacha a íoc.

Bhí sin díreach roimh an titim eacnamaíoch atá linn go fóill agus roimh an ionsaí fíochmhar atá rialtas reatha na Breataine ag déanamh ar leasa sóisialta. Cad é a tharlós nuair atá níos mó agus níos mó teaghlach ag streachailt leis na billí?

Is féidir méid na sibhialtachta i sochaí a mheá ach dul isteach ina príosúin, arsa an scríbhneoir Rúiseach Fyodor Dostoyevsky. Is léir go bhfuil fhadhb mhór againn sa stáitín seo.

Ní hé amháin go bhfuil stát na Breataine rí-shásta dlithe comhéigneacha a chur i bhfeidhm, go háirithe agus iad ag déileáil le poblachtóirí agus grúpaí eile a thugann siad ‘sceimhlitheoirí’ orthu, ach go bhfuil nós acu reachtaíocht éigeandála nó speisialta a thiontú ina reachtaíocht normálta.

Agus tá an iomarca duine ann a mhaíonn go seasann siad ar son chearta daonna ach ab é go bhfuil na grúpaí úd i gceist. Tá seantaithí ag poblachtóirí air seo, ach tá cimí poblachtacha an lae inniu níos aonraithe, imeallaithe agus soghonta ná mar a bhí siad le tamall fada.

Tá teachtaireacht á scaoileadh ag rialtas na Breataine agus ón fhearas s’acu sna Sé Chontae gur féidir leo duine ar bith chur faoi ghlas ar chúis ar bith is mian leo, gan rochtain ag an duine ar pé fianaise atá ann chun é nó í féin a chosaint.

Caithfimid go leir cur in éadan na n-iarrachtaí le stát nua comhéigneach a bhunú. Is cuma an duine – má sháraítear cearta dhuine amháin, sáraítear ár gcearta go léir.

Níor dhiúltaigh Rosemary Nelson an fód a sheasamh. Sin ceacht nár chóir dúinn ligean i ndearmad riamh. Buíochas le hiarrachtaí Phádraigín Drinan agus eile, táthar ann a chinnteoidh nach dtarlóidh a leithéid go deo na ndeor.

Advertisements

Athbheochan an ‘Chogaidh ar Sceimhlitheoireacht’ agus an Sciobadh nua ar an Afraic

01 Márta, 2013

(Foilsíodh an t-alt seo san Andersonstown News faoin teideal “Scéal casta Mhailí á cheilt sna meáin”)

15/02/13

Nuair a tháinig an fear áitiúil Stephen McFaul abhaile ón scaglann ola san Ailgéir mí ó shin, ba léir go raibh faoiseamh ann gur thainig sé slán ón choimhlint fhoréigneach atá i ndiaidh titim amach in iarthar na hAfraice.

Gan amhras bhí roinnt daoine in ann greann a bhaint as an scéal chomh maith, mar gheall ar dheacrachtaí agus éagumas na meán Sasanach aithint gur Éireannach é McFaul. Ba léir go raibh neart gleacaíochta ag dul ar aghaidh leis an téarmaíocht éagsúil a d’úsáid siad le cur síos ar a náisiúntacht.

Ach bhí téarmaíocht eile in úsáid sa tuairisciú ar an scéal seo ar gá súil ghéar a chaitheamh air. Nó is iomaí caint a bhí ann faoi ‘antoiscigh Ioslamacha’ agus ‘al-Qaeda’ ag bailiú nirt i Mailí.

Is iar-choilíneacht de chuid na Fraince í Poblacht Mhailí. Bhain an tír neamhspleáchas amach in 1960, agus ón am sin ar aghaidh tá an pobal Tuareg ag lorg saoirse dóibh féin i dtuaisceart na tíre, réigiún a thugtar Azawad air.

Is fásach é Azawad, cuid den Sahara, agus is pobal fáin iad na Tuareg go traidisiúnta. Mar gheall ar na coinníollacha naimhdeacha, ó thaobh na timpeallachta agus na gcoimhlintí éagsúla le rialtas Mhailí (bhí ceithre éirí amach ag na Tuareg ó bhí 1963 ann), oibríonn mórán den phobal seo mar spailpíní fánacha ar fud na hAfraice.

Fuair cuid mhaith acu obair le fórsaí slándala na Libia faoi réimeas Muammar Gaddafi. Nuair a threascair ECAT an réimeas sin in 2011, d’fhill na Tuareg a bhí sa tír abhaile. An bhliain dár gcionn, thosaigh an ceathrú éirí amach.

Bhí dul chun cinn suntasach déanta acu go gasta faoi cheannas an MNLA (Gluaiseacht Náisiúnta um Shaoirse Azawad) nuair a bhí cor eile sa scéal, nó i mí Mhárta anuraidh bhí coup d’état ag arm Mhailí in éadan a rialtais féin.

Ní raibh na saighdiúirí sásta le bainistiú na coimhlinte leis na Tuareg. I ndeireadh na dála, mhaígh an tUachtarán nua Dioncounda Traoré go gcuirfeadh sé ‘cogadh iomlán agus gan taise’ ar na Tuareg.

Is Moslamaigh iad timpeall 90 faoin chéad de dhaonra Mhailí, na Tuareg ina measc. Tá eagraíochtaí Ioslamacha bainte leis an éirí amach is déanaí ón tús. Roinnt míonna ó shin, d’uraigh sia an MNLA.

Bíodh sin mar atá, tá b’fhéidir 3,000 trodaire ag na heagraíochtaí Ioslamacha. Tá 15 milliún duine a bhfuil cónaí orthu i Mailí, an formhór acu i ndeisceart na tíre.

D’ainneon seo d’fhógair an Fhrainc, iarmháistrí coilíneacha Mhailí, d’fhógair siad gur bhagairt uafásach iad na hIoslamaigh seo do dhaonra iomlán iarthar na hAfraice, agus don Eoraip chomh maith.

I mí Eanáir chuir na Francaigh tús le ‘Obráid Serval’ agus thosaigh siad ag buamáil an cheantair faoi smacht na nIoslamach. Seachtain dár gcionn a tharla an t-ionsaí fuilteach sin ar an scaglann in In Amena na hAilgéire.

Tá fórsa 5,000 anois ag an Fhrainc sa tír, agus tá siad ag fáil tacaíochta ón roinnt mhaith de thíortha an Iarthair – na Stáit Aontaithe, an Bhreatain agus na Sé Chondae Fichead ina measc.

Beidh siad ag iarraidh imeacht as an tír go gasta, agus gan a bheith gafa i dteannta ar nós na Meiriceánach agus na Sasanach san Afganastáin.

Is tír ollmhór í Mailí, dhá oiread níos mó ná an Fhrainc. Níl bagairt ar bith ann go gcuirfidh na hIoslamaigh an tír iomlán faoina smacht. Ag an am chéanna, níl mórán seans ag an Fhrainc bua iomlán a fháil orthusan ach oiread.

An chuspóir atá acu i ndáiríre ná an status quo a chaomhnú i Mailí. Is é náisiúnachas na dTuareg an phríomhfhadhb dóibh, chan fás an Ioslamachais.

Deirtear go bfuil Mailí ar na tíortha is boichte ar domhan. Tá leathchuid den daonra ag maireachtáil ar níos lú ná 75p sa lá. Tá na Tuareg níos boichte fós.

Ach tá Mailí iontach saibhir ó taobh acmhainní nádúrtha de. Tá an tír lán le copar, ór, úráiniam, sinc agus níos mó – agus tá cuid mhaith den saibhreas seo ina luí faoi fhásach Azawad.

Is é an nua-choilíneachas atá taobh thiar de ról na Fraince i Mailí. Tá siad ag brath ar na hacmhainní seo, agus ní féidir leo ná leis an Iarthar i gcoiteann glacadh le stát nua san Afraic nuair atá an tSín anois in iomaíocht leo ar an ilchríoch úd do na hacmhainní luachmhara seo.