TTIP – Ionsaí ar an daonlathas ar na bacáin

22 Bealtaine, 2014
Agóid in éadan TTIP sa Ghearmáin

Agóid in éadan TTIP sa Ghearmáin ar na mallaibh

Thóg na póilíní timpeall 250 duine ag agóid sa Bhruiséil Déardaoin seo caite, agus bhí roinnt bhall de pharlaimint na Beilge ina measc.

Bhí siad i mbun agóide taobh amuigh de chruinniú mullaigh ghnó na hEorpa, áit a bhfuil idirbheartaíochtaí ar siúl idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an Pháirtíocht Trádála agus Infheistíochta Tras-Atlantach (TTIP).

Tugtar an Limistéar Saorthrádála Tras-Atlantach (TAFTA) air chomh maith.

Mar a tharlaíonn sé, níl mórán bacanna ann i dtaca le trádáil idir an Eoraip agus na Stáit Aontaithe de. Is léir mar sin go bhfuil cúis eile taobh thiar den chlár seo.

Ar an chéad dhul síos, ba mhaith le lucht gnó bheith ábalta na rialúcháin éagsúla atá ag tíortha a shárú, agus tabharfaidh TTIP seans dóibh sin a dhéanamh.

Mar shampla, cuirtear níos mó srian ar bhia agus ar bharra géinmhodhnaithe san Eoraip ná sna Stáit Aontaithe. Chomh maith leis sin, cuireann roinnt rialtas Eorpacha agus fiú rialtais áitiúla i SAM moratóirí nó srianta ar an scoilteadh hiodrálach, ‘fracking’.

Faoi TTIP beidh comhlachtaí ábalta a rá go gcuireann a leithéid de shrianta bac ar thrádáil agus ar bhrabúsaíocht s’acu, agus gearrfear pionóis áirithe ar an rialtas i gceist mar gheall air seo.

Baineann cuid eile de TTIP la maoin intleachtúil. Cuimsíonn seo paitinní, cóipcheart, trádmharcanna, cosaint sonraí agus níos mó. Ligfidh seo do chomhlachtaí stop a chur le leigheasanna cineálacha, agus brúfar na leaganacha brandáilte de leigheasanna ar sheirbhísí sláinte agus ar othair ag uasmharcáil uafásach.

Ar ndóigh tá ardú chostais chúram sláinte ina chéim eile i dtreo córais a fhreastalaíonn ar na saibhre amháin.

Níl aon iontas sna forbairtí seo. Ta lucht ceannais an Aontais Eorpaigh faoi mheirse an chórais nualiobrálaigh le tamall fada, agus le blianta anuas tá siad ag obair ar chonarthaí agus ar bheartanna éagsúla chun cearta na gcorporáidí a dhaingniú agus cearta na ndaoine, cearta cheardcumainn, cearta rialtas náisiúnta fiú a ídiú.

Tá seo le feiceáil go soiléir agus réiteach díospóide idir infheisteoirí agus stát (ISDS) mar chuid den pháirtíocht trádála agus infheistíochta tras-Atlantach.

Faoin mhír seo, má tá ‘díospóid’ idir comhlacht agus stát ina bhfuil siad ag feidmhiú tugtar an cás os comhair painéal rúnda d’eadránaithe. Sáraíonn an painéal seo dlithe dúchais na tíre atá i gceist agus sna háiteanna ina bhfuil siad i bhfeidhm faoi láthair tá na billiúin punt tugtha acu do na comhlachtaí móra.

In 2011, thug rialtas na hAstráile dlí isteach faoi phacáistiú toitíní. As sin amach, bheadh toitíní ar díol i bpacáistíocht phléineáilte. Mar thoradh air seo, thug an chomhlacht Philip Morris an rialtas os comhair na cúirte.

Déanann siad Benson & Hedges, Marlboro agus i bhfad Éireann níos mó brandaí eile toitíní, agus mhaígh siad go gcuirfeadh dofheicteacht a dtrádmharcanna isteach ar an mhargadh s’acu.

In 2012, rinne rialtas na Gearmáine cinneadh éirí as fuinneamh núicléach. Chuir tubaiste Fukushima sa tSeapáin dlús leis an chinneadh sin. Mar thoradh, thóg an comhlacht fuinnimh Vatenfall cás in éadan na Gearmáine agus d’éiligh siad €3.7 billiún mar chúiteamh de bhrí go raibh dhá stáisiún cumhachta acu sa tír.

Tá an comhlacht Lone Pine ag tógáil cás in éadan rialtas Cheanada mar gheall gur chuir an chúige Quebec moratóir ar an scoilteadh hiodrálach. Tá Lone Pine ag éileamh $250 milliún as cealú a “gceart luachmhar tochailt faoi Abhainn Saint Lawrence ar lorg ola agus gáis”.

Taobh thiar de na hidirbheartaíochtaí seo ar TTIP/TAFTA, tá ionsaí ar an daonlathas i gcroílár an scéil. Ní féidir glacadh le toil an phobail i dtír ar bith má thagann an toil sin salach ar bhrabús na gcomhlachtaí idirnáisiúnta.

Más maith linne mar náisiún go mbeadh an t-íosráta pá giota beag níos airde nó an ceart ag daoine dul isteach i gceardchumainn, nó go mbeadh polasaithe ag ár rialtas atá chun sochair na timpeallachta – i ndáiríre, más maith linn go mbeadh aon chosaint shóisialta nó thimpeallachta nó eacnamaíochta ag an phobal agus ag glúnta le teacht, tá an tAontas Eorpach ag dréachtú páirtíochta a chinntíonn nach mbeidh neart againn air.

Is ceist mhór í seo agus le toghcháin na hEorpa ar siúl tá an ciúnas bodhraitheach.