I dtreo 2016: Winifred Carney – ainrialaí antoisceach go deo

Winifred Carney

Winifred Carney

Rugadh Winifred Carney ar 4ú Nollaig 1887 i mBeannchar, an duine ab óige de sheisear clainne le Alfred agus Sarah Carney. Scair na tuismitheoirí agus Winifred iontach óg agus bhog sí lena máthair go Ciorcal Chathair Luail i mBéal Feirste.

Chuaigh an athbheochan chultúrtha go mór i bhfeidhm ar Winifred agus í ag fás aníos sa chathair. Chuir sí suim sa cheol, sa stair agus sa teanga, agus bhí sí ina ball de Chonradh na Gaeilge.

Bhí sí bainte leis an ghluaiseacht ar son cheart vótála na mban ag an am seo agus nuair a chuaigh timpeall 2,000 oibrí muilinn (mná ar fad) ar stailc go tobann i mí Dheireadh Fómhair 1911, bhí lámh ag Carney i mbunú Cheardchumann Oibrithe Fíodóireachta na hÉireann (ITWU).

Faoi 1912 bhí sí ag obair go lán-aimseartha leis an ITWU agus lena mháthairchumann, an ITGWU. Bhí an pá go dona ach bhí sí sásta a scileanna eagrúcháin a chur ar fáil ar son na cúise. Tríd an obair seo bhuail sí le James Connolly, agus roimh i bhfad bhí sí ag feidhmiú mar rúnaí pearsanta don Chonghaileach chomh maith.

Nuair a bunaíodh Cumann na mBan in 1914 bhí Winifred ar dhuine de na chéad bhaill i mBéal Feriste. Theagasc sí ranganna garchabhrach agus dúradh go raibh an-urchar aici le raidhfil. (Ba é craobh Feirsteach Chumann na mBan an t-aon cheann a d’úsáid gunnaí.)

Agus Éirí Amach 1916 ar na bacáin, thug an Conghaileach Winifred go Baile Átha Cliath agus d’fhan sí lena thaobh an t-am ar fad mar aidiúnach in Arm Cathartha Éireann. Ar 24ú Aibreán bhí sí ar an líne tosaigh a chuaigh ó Halla na Saoirse isteach in Ard-Oifig an Phoist.

I lámh amháin aici bhí a clóscríobhán agus sa lámh eile bhí Webley.

Ar tús ba í an t-aon bhean san Ard-Oifig ach d’athraigh sin mar a lean an tseachtain ar aghaidh. Faoin Aoine bhí 31 bean ann ach leis an áit trí thine thug an Piarsach ordú dóibh éalú ón fhoirgneamh. Dhiúltaigh Winifred glacadh leis seo agus d’fhan sí leis na ceannairí go dtí an deireadh in éineacht le beirt bhan eile – Julia Grenan agus Elizabeth O’Farrell.

Nuair a ghéill fórsaí na poblachta tugadh Carney go Príosún Chill Mhaighneann, áit ar chuala sí na ceannairí ar fad a gcur chun báis idir 3ú agus 12ú Bealtaine. Bhí sí imtheorannaithe gan triail i bPríosún Aylesbury i Sasana go dtí gur scaoileadh saor na cimí ar fad Oíche Nollag 1916.

Iarchimí taobh amuigh de Halla na Saoirse

Winifred Carney (faoin fháinne ór) le roinnt iarchimí eile taobh amuigh de Halla na Saoirse

 

Tháinig sí abhaile agus léim sí isteach san obair arís. Toghadh í mar uachtarán ar chraobh Bhéal Feirste de Chumann na mBan. Tháinig brú ón bhun aníos ó na mná seo agus baill den ITGWU go mbeadh Winifred ina hiarrthóir don olltoghchán in 1918.

D’aimnigh Sinn Féin í do cheantar aontachtach in oirthear Bhéal Feirste nach raibh aon seans aici ann. D’ainneoin na ndeacrachtaí agus an easpa tacaíochta, d’fhógair sí clár láidir ar son phoblacht na n-oibrithe.

Ní raibh mórán bainte aici le Sinn Féin i ndiaidh an toghcháin. Chonacthas di go raibh dearcadh coiméadach chun cinn san eagraíocht sin thar aon smaoineamh radacach.

Scríobh sí go fáidhiúil chuig comhghleacaí ceardchumainn a toghadh in 1918:

“I wonder in time to come shall we occupy the same bench or shall you have become a Conservative while I remain an extreme anarchist because you see I am determined that I too shall one day share the responsibility in directing the government of the couuntry?”

 

Lean Carney léi ag obair le Cumann na mBan, agus bhí sí ina rúnaí ar an chiste do chleithiúnaithe na gcimí poblachtacha. Bhí an teach s’aici faoi choiméad ag na póilíní agus ba mhinic a rinneadh ruagar air.

Agus an fhrith-réabhlóid in uachtar i ndiaidh 1922, agus na sé chontae faoi smacht an Stáit Oráistigh, am gruama a bhí ann do dhaoine cosúil le Winifred a chreid sa phoblacht shóisialach.

Lean sí ar aghaidh ag obair áfach ar son chúis an lucht oibre. Phós sí George McBride ó Bhóthar na Seanchille in 1928 agus bhí an bheirt acu páirteach in imeachtaí cosúil le stailc na fóirithinte baile in 1932 agus leis an Chomhdháil Phoblachtach.

Theip a sláinte uirthi mar gheall ar na tréimhsí éagsúla a chaith sí faoi ghlas idir 1916 agus 1923, agus fuair Winifred Carney bás ar 21ú Samhain 1943. Bhí sí 55 bliain d’aois.

Agus muid ag comóradh céad bliain ó Éirí Amach na Cásca, bíodh daoine cosúil le Winifrd Carney ina n-eiseamláir againn agus muid ag díriú ar an ghnó gan críoch – an athbheochan chultúir agus teanga, cearta na mban agus cúis an lucht oibre.

Advertisements

2 Fhreagra ar I dtreo 2016: Winifred Carney – ainrialaí antoisceach go deo

  1. […] Source: I dtreo 2016: Winifred Carney – ainrialaí antoisceach go deo […]

  2. Arsa Fear N Fearn:

    Ar dheis Dé go raibh a hanam,

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: