Imtheorannú ina ábhar beo go fóill

16 Meán Fómhair, 2013
Stephen Murney

Stephen Murney

An tseachtain seo caite fuair an t-imtheorannaí Martin Corey amach go raibh a éisteacht parúil curtha ar ceal roinnt laethanta sula raibh sé le tarlú. Tá Corey faoi ghlas i bPríosún Mhaigh gCabraí le trí bliana go leith, ónar gabhadh é i mí Aibreán 2010.

Tá sé de cheart ag príosúnaigh éisteacht parúil a bheith acu gach bliain, ach ta sé anois breis agus dhá bhliain ó bhí ceann ag Martin Corey, atá trí scór agus trí bliana d’aois anois.

Tá cás Corey eisceachtúil ar go leor bealaí, nó níor cuireadh aon chúis ina leith go fóill. Tá sé a choiméad faoi ghlas mar gheall ar ábhar rúnda, agus níl an dlíodóir s’aige fiú in ann féachaint ar pé fianaise atá ann faoi Martin.

Nuair a mhaígh breitheamh gur sáraíodh cearta daonna Corey agus gur chóir é a scaoileadh saor ar bannaí, chuir státrúnaí Breataine an lae Shaun Woodward an breithiúnas sin ar ceal gan aon mhoill.

Níl aon amscála don tréimhse braighdeanais seo, agus tá dlíodóirí Corey buartha gur féidir le státrúnaí na Breataine é a choinneáil faoi ghlas gan triail nó gan chúiseamh go dtí go bhfaigheann sé bás. Tá siad ag obair anois ar an chás a thabhairt chun na hEorpa le ceartas éigin a fháil dó.

Nuair a tógadh Corey in 2010, dúradh leis go raibh an rialtas ag cúlghairm a cheadúnais. Is ábhar mór imní é seo nó is ionann é agus a rá gur féidir le rialtas na Breataine iarchime ar bith is mian leo a ghabháil gan aon mhíniú nó fáth a thabhairt do dhuine ar bith.

Is claíomh Damocles é seo thar ceann gach iarchime, go háirithe na hiarchimí polaitiúla a chuir suim i gcúrsaí polaitíochta arís tar éis dóibh príosún a fhágáil.

Tá cásanna eile ann a thugann le fios go bhfuil cineál eile imtheorannaithe in úsáid chomh maith – is é sin imtheorannú trí athchur faoi choiméad. Is seanpholasaí é seo a thosaigh rialtas na Breataine dá úsáid i ndiaidh dóibh deireadh a chur le himtheorannú gan triail in 1975.

Leis an chur chuige is féidir daoine a chur faoi ghlas ar feadh cúpla bliain sula mbíonn triail acu, agus in amanna is cúiseanna seafóideacha atá curtha i leith an chúisí. Faoi láthair is cás suntasach é cás Stephen Murney, gníomhaí polaitiúil ó Iúr Chinn Trá atá faoi ghlas i Maigh gCabraí le beagnach bliain agus cúiseanna iontach amhrasach os a chomhair.

An mhí seo caite rinneadh cuimhneachán ar theacht isteach imtheorannú gan triail in 1971 le roinnt imeachtaí. Ina measc bhí mórshiúil ag teaghlaigh Bhaile Uí Mhurchú atá ag lorg fírinne agus ceartais don slad a rinne reisimint pharaisiúit na Breataine sa cheantar i laethanta tosaigh an imtheorannaithe.

Leo ar an mhórshiúil seo bhí teaghlaigh ó Dhoire a d’fhulaing mar gheall ar an ár a rinne an reisimint chéanna ar mhórshiúil chearta sibhialta in éadan imtheorannaithe sa chathair sin ar 30ú Eanáir 1972.

Is tábhachtach gan imeachtaí mar sin a ligean i ndearmad, go háirithe agus an troid fós ar siúl leis fhírinne a thabhairt chun solais agus le ceartas a bhaint amach.

Tá sé tábhachtach chomh maith go ndéantar rud éigin faoi éagóir an imtheorannaithe sa lá atá inniu ann.

Tharla sin le mórshiúil eile reáchtáilte ag an eagraíocht nua, an Cumann Firth-Imtheorannú. Chuaigh siad ó Ard Eoghain go Baile Andarsain ag cuimhneamh ar imtheorannú na 1970í agus ag ardú cás an imtheorannaithe inniu.

D’ainneon cinntí díchéillí Choimisiún na bParáidí, bacainní na bpóilíní, agus agóidí foréigneacha na n-aontachtóirí, d’éirigh leis an eagraíocht imeacht rathúil a eagrú a chuir timpeall 4,000 duine ar na sráideanna leis an éileamh go gcuifear deireadh leis an imtheorannú i ngach cruth agus foirm.

Deir urlabhraí an chumainn nach raibh sa mhórshiúl ach tús feachtais. Tá súil agam nach feachtas fada a bheas ann.

Advertisements