Acmhainní an phobail ar son leas an phobail

28 Aibreán, 2013

An Cairéal ar an Sliabh Dubh

I mí Lúnasa 2006 bhí Willie Corduff, Micheál Ó Seighin agus Vincent McGrath in iarthar Bhéal Feirste lena gclann ag fáil aitheantais ón phobal anseo as an seasamh a ghlac siad in éadan tionscadal Shell ar leac a ndoras.

Is as ceantar beag in iarthuaisceart Mhaigh Eo an triúr acu, agus le Philip McGrath agus Brendan Philbin ba fhearr aithne a bhí orthu mar Chúigear Ros Dumhach nuair a chaith siad ráithe faoi ghlas as bac a chur ar obair Shell ar a dtalamh féin. Leis an seasamh seo, spreag siad bunú an fheachtais ‘Shell chun Sáile’.

Mar chuid den chuairt ar iarthar Bhéal Feirste thug mé go Teach Basil iad le bualadh le foireann agus Daily Ireland, dhá nuachtán a thacaigh leo agus lena bhfeachtas. Baineadh geit astu áfach nuair a shroich siad an foirgneamh, nó díreach os ár gcomhair bhí poll ollmhór le féachaint ar thaobh an tSléibhe Dhuibh.

Bhí sé dothuigthe acu cén dóigh a raibh a leithéid de chreachadóireacht in ann tarlú agus gur ghlac daoine léi. Labhair muid ar feadh tamaill ansin faoin fheachtasaíocht agus an dea-obair a bhí ar bun ag Terry Enright agus daoine cosúil leis chun an sliabh a shábháil agus a oscailt don phobal i gcoiteann.

Tá Terry anois ar shlí na fírinne ar an drochuair. Caillteanas uafásach a bhí gan aon amhras ach tá an sampla s’aige ag spreagadh athbheochan an fheachtais ‘Sábháil an Sliabh Dubh’ i láthair na huaire mar gheall ar phleananna leis an seanchairéal a thiontú ina chúil spruadair d’ábhar tocsaineach.

Ardaíodh an dá fheachtas ag cruinniú Dé Sathairn seo caite i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Mar chuid de Sheachtain Mheiriceá Laidinigh, imeacht bliantúil a réachtáil ag Ionad Dlúthpháirtíochta Mheiriceá Laidinigh (LASC), dhírigh an cruinniú seo ar an tionchar shóisalta agus thimpeallachta atá ag olltionscadal na mianadóireachta i gceantair i bPeiriú agus sa Cholóim.

Tá Milton Sánchez ina uachtarán ar líonra d’eagraíochtaí sóisialta i gCajamarca Pheiriú atá ag iarraidh acmhainní nádúrtha an réigiúin a chosaint ó thionscail eastóscacha. Tá Aida Julieta Quiñones Torres ina ball den Choiste Timpeallachta um Chosaint Saoil i dTolima na Colóime a oibríonn le pobail agus eagraíochtaí i dtaca le tionchar na n-olltionscal seo.

Labhair an bheirt chainteoirí ar cheisteanna ina bpobail féin agus bhí na cosúlachtaí eatarthu rí-shoiléir – gadaíocht na n-acmhainní, nimhiú an uisce agus na talún, coiriúlú agus deamhnú na coshmuintire a sheasann in éadan seo go léir, agus lámh láidir an stáit in úsáid in éadan na bpobal chéanna.

Tugadh aird do na feachtais ‘Shell chun Sáile’ agus ‘Sábháil an Sliabh Dubh’ ag an chruinniú le cur i gcuimhne go bhfuil na ceisteanna seo go fóill ina gceisteanna beo sa tír s’againn féin chomh maith. Rinneadh tagairt chomh maith do thionscal chonspóideach an scoilte hiodrálaigh – ‘fracking’ mar is fearr aithne air – atá beartaithe le teacht go hÉirinn roimh i bhfad.

Sna míonna amach romhainn beidh imeachtaí ag tarlú le aird a dhíriú agus le cuidiú le daoine éirí níos feasaí ar na feachtais anseo in Éirinn. Beidh Campa Dlúthpháirtíochta Ros Dumhach ag teacht le chéile ar 21 Meitheamh, tionól seachtaine atá ann lán le ceardlanna agus ceol. Agus le teacht an tsamhraidh beidh ‘Sábháil an Sliabh Dubh’ ag eagrú siúlóidí, ceolchoirmeacha agus paráidí anseo in iarthar Bhéal Feirste.

Tá ceachtanna le foghlaim againn ó mhuintir eile i gcóngar agus i gcéin. Is olc an bhagairt go mbeidh corparáidí móra in ann brabús maith a dhéanamh ó na hacmhainní nádúrtha éagsúla atá inár bpobal agus gan fágáil dúinn ach talamh agus timpeallacht atá truallaithe go hiomlán.

Is cuimhin liom comhrá amháin a bhí agam le Terry Enright faoi thodhchaí an tseanchairéil ar an Slaibh Dubh. Bhí sé ag iarraidh go mbeadh daoine ábalta féachaint air mar dheis chun acmhainn nua a thógáil a bheadh chun leas an phobail.

Tioscadal Eden an léirshamhail a bhí aige. Séard atá ann ná coimpléacs de thithe gloine i Lanndreth sa Chorn a tógadh ar láithreán iarchairéil. Faigheann Eden timpeall milliún cuairteoirí in aghaidh na bliana agus tá sé anois ina fhiontraíocht shóisialta a bhfuil ina sochar don phobal ar bhonn timpeallachta, sóisialta agus eacnamaíochta.

Fágann sin nach bhfuil ach rud amháin le rá ar na ceisteanna seo – má tá muid chun acmhainní nádúrtha an phobail a úsáid, déanaimis cinnte go n-úsáidtear iad chun leas an phobail.