Robert Burns ina eiseamláir don Albain nua os ár gcomhair

17 Eanáir, 2014
Robert 'Che' Burns

Robert ‘Che’ Burns

Ar 25ú Eanáir beidh daoine ag ceiliúradh an 255 bliain ó bhreith Robert Burns, príomhfhile náisiúnta na hAlban. Beidh mórchuid den cheiliúradh seo ag tarlú ina thír dúchais ar ndóigh, ach tarlóidh sé in áiteanna éagsúla ar fud na cruinne, Béal Feirste san áireamh.

Ag na himeachtaí seo itear hagaois agus cantar Auld Lang Syne, amhrán scríofa ag Burns, ach de ghnáth ní bhíonn mórán plé ar an fhear féin agus a chuid pholaitíochta. Is mór an trua seo nó bhí Robert Burns ar ghuthanna radacacha na haoise.

Rugadh é in 1759 in Inbhir Àir in iardheisecart na hAlban agus fuair sé bás in 1796 in aois a 37. Bíodh is go raibh sé óg go leor, mhair sé trí thréimhse a bhí an-chorrach ar fad, Ré na hEagnaíochta, agus bhí thionchar mór ag Réabhlóid Mheiriceá agus Réabhlóid na Fraince air.

Bhí ceisteanna an cheartais agus an chomhionannais i gcónaí ar intinn aige agus ba mhinic a cheisnigh sé an caidreamh idir na huaisle agus an chosmuintir, mar a tugadh le fios i Man Was Made to Mourn, dán a chum sé in 1784:

“If I’m design’d yon lordling’s slave,
By Nature’s law design’d,
Why was an independent wish
E’er planted in my mind?
If not, why am I subject to
His cruelty, or scorn?
Or why has man the will and pow’r
To make his fellow mourn?”

I measc na ndántaí is coitianta le Burns, seasann Scots Wha Hae amach go sonrach. Is cosúil gur é seo an dán is clúití leis, a osclaíonn le:

“Scots, wha hae wi’ Wallace bled,
Scots, wham Bruce has aften led,
Welcome to your gory bed,
Or to victorie.
Now’s the day, and now’s the hour;
See the front of battle lour;
See approach proud Edward’s power –
Chains and slaverie!”

Scríobhadh an dán in 1793 agus bhí Roibeard Brús agus Cath Allt a’ Bhonnaich in 1314 mar inspioráid dó, ach dúirt Burns lena fhoilsitheoir go raibh sé bainte chomh maith le ‘smaointe beo lasracha roinnt streachailtí eile den nádúr chéanna, nach bhfuil chomh hársa’.

Ba é Thomas Muir a bhí mar ábhar an dáin i ndáiríre. Bhí clú ar Muir mar dhlíodóir radacach a cháin na dlithe as bheith claonta in éadan na mbocht. Bhí bá mhór aige le réabhlóid na Fraince agus bhí se ina bhall de na hÉireannaigh Aontaithe chomh maith.

Chuir sé olc ar na maithe móra agus as seo gabhadh é agus in 1793 cuireadh ceannairc ina leith. Cúirt bhradach a bhí aige agus sa deireadh cuireadh Muir ar ionnarba chun na hAstráile.

Ag an am seo bhris cogadh amach idir an Bhreatain agus an Fhrainc agus bhí ar dhaoine cosúil le Burns a bheith cúramach faoi chúrsaí polaitíochta. D’oibrigh sé mar fhear cánach don rialtas mar sin bhí air ligint air go raibh sé ar son an rialtais.

In 1795 chum sé Is There for Honest Poverty (A Man’s a Man for A’ That), dán a chuireann in iúl go bhfuil níos mó uaisle i measc na mbocht na mar atá i measc na n-uaisle féin. Is soiléir an dúil a bhí aige go cuirfear deireadh leis an seanreacht seo agus go mbunófar sochaí chothromaíoch nua.

“Then let us pray that come it may,
(As come it will for a’ that,)
That Sense and Worth, o’er a’ the earth,
Shall bear the gree, an’ a’ that.
For a’ that, an’ a’ that,
It’s coming yet for a’ that,
That Man to Man, the world o’er,
Shall brothers be for a’ that.”

Thart fán am chéanna scríobhadh dán anaithnid dar teideal The Tree of Liberty. Ní aon iontas nach bhfuil ainm leis nó, i gcomparáid le hábhar teibí an dáin thuas, rinne an dán seo tagairtí loma do chúrsaí an lae d’ainneoin chomh teann agus a bhí an aeráid pholaitiúil. Glactar leis go forleathan gur Burns a bhí taobh thiar de.

“But vicious folk aye hate to see
The works o’ Virtue thrive, man;
The courtly vermin’s banned the tree,
And grat to see it thrive, man;
King Loui’ thought to cut it down,
When it was unco sma’, man
For this the watchman cracked his crown,
Cut aff his head and a’, man.”

“Wi’ plenty o’ sic trees, I trow,
The warld would live in peace, man;
The sword would help to mak a plough,
The din o’ war wad cease, man.
Like brethren in a common cause,
We’d on each other smile, man;
And equal rights and equal laws
Wad gladden every isle, man.”

I mbliana tá deis ag muintir na hAlban ní amháin saoirse a bhaint amach dóibh féin ach tá deis acu díriú isteach ar cheisteanna faoin chineál sochaí ar mhaith leo cónaí inti. Má amharcann siad ar an fhile náisiúnta s’acu is dócha go mbeidh ceisteanna an cheartais agus an chomhionannais ag croílár na díospóireachta faoina sochaí nua. Go n-éirí leo.


174. Margaretta D’Arcy: laoch faoi ghlas

17 Eanáir, 2014

ancroiait

Coir: géilleadh úrghnách aka céasadh

Ciontach: Rialtas Bertie Ahern

Ag dul go priosún: Margaretta D’Arcy- an bhean a labhair amach faoi

Rendition Irish woman jail

D’úsáid SAM Éire agus aerfort na Sionnaine go háirithe mar stad d’eitleáin an CIA ann agus iad ag tógáil daoine go thíortha eile le iad a chéasadh. Tugtar ‘Extraordinary Rendition’ ar seo. Léigh níos mó faoi Renditions anseo 

Bhí a fhios ag go leor againn go raibh siad ag briseadh dlíthe idirnáisiúnta ach, i bhfad níos tábhachtaí ná sin, bhí ‘fhios againn go raibh duine nó daoine sna héitleáin sin is bhí siad i gcruachás ceart is ag súil go dtabharfadh daoine cúnamh dóibh.

Bhris rialtas Bush neart dlíthe ina am agus bhí Bertie mór leis. Bhí an t-airgead agus an chumhacht níos tábhachtaí do Bertie Ahern ná dlíthe, cearta daonna nó daoine ag fulaingt. Scaoileadh Binyam Mohammed ó Guantánamo i 2009. Bhí sé san áit uafásach sin ar…

Amharc ar an alt bunaidh 572 d’fhocla eile


Fíor sáinchéisteanna faoi chéilt ag tionscal na gcainteanna ó thuaidh

12 Eanáir, 2014

Alt le Feargal Mac Ionnrachtaigh

Tosaíonn 2014 agus an aicme pholaitiúil ó thuaidh ina cheap magaidh ag cibé tuairisceoir idirnáisiúnta díomhaoin a chuireann suim san áit seo go fóill na laethanta seo. Tagann téarmaí ar nós ‘dejá vú’ agus ‘groundhog day’ chun cinn agus muid ag iarraidh ciall ar bith bhaint ón sochaí osrealaíoch ina mhairimid. Sochaí scoillte, eagothrom le fadhbanna domhain soch-eacnamaíochta ach atá buanaithe ag institidiú an tseichteachais a shíolraigh ón phróiseas síochana agus a shainmhíníonn Feidhmeannas Roinnte Cumhachta ag Stormont.

Sa ‘carve-up’ polaitiúil idir an ‘dá thréibh oraiste is glas’, ní amháin nach dtugtar dushlán macánta do chúiseanna stairiúla na coimhlinte anseo, ach cuirtear na fíorshainchéisteanna faoi chéilt ag tionscal síoraí na gcainteanna. An tionscal dúchasach is rathúla atá againn ó thuaidh. Craobhscaoiltear sean-reitric leadranach an athmhuintearís, agus polaiteoirí mean-aosta fireann ag geallúint go ndeanfaidh siad a sheacht ndícheall gabháil i ngléic le ‘galar an tseicteachais’, ainneoin go bhfuil smacht pholatiúil s’acu spleách ar an chóras suarach céanna!

Léigh an t-alt iomlán anseo.