Pobal na Gaeilge vs. An Stát – Mar a bhí ar dtús, mar a bheas go brách?

20 Márta, 2014
Páistí páirteach i Rith 2014 i mBéal Feirste

Páistí páirteach i Rith 2014 i mBéal Feirste

Coicís ó shin bhí deis ag Conradh na Gaeilge féachaint ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2014 a bhfuil á ullmhú ag rialtas na Sé Chontae Fichead faoi láthair.

Ní dheachaigh an cháipéis i gcion orthu. Dar leis an Chonradh, lagaíonn sé an tAcht atá ann cheana féin agus níl ann ach cúngú agus cúlú ó thaobh na Gaeilge de.

Ó thuaidh níl an scéal níos fearr, ná baol air. I mí Eanáir, d’fhoilsigh Comex – coiste na saineolaithe ar chur i bhfeidhm na Cairte Eorpaí um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh – d’fhoilsigh siad tuairisc ag cáineadh fheidhmeannas Stormont as an esapa dul chun cinn ó thaobh cúrsaí Gaeilge de.

Bhí béim ar leith sa tuairisc ar an chóras oideachais agus tugadh le fios nach raibh an roinn ag tabhairt an tacaíocht ná maoiniú cuí don earnáil. Tá fírinne an ráitis sin le feiceáil go forleathan ar fud an stáitín, le daoine ag teacht le chéile i bhfeachtas bus Choláiste Feirste agus grúpa tuismitheoirí i nDoire ag cur tús le feachtas nua eile le go mbunófaí meánscoil Ghaeilge sa chontae sin.

In amanna is trua liom cás Fhoras na Gaeilge, nó is léir go bhfuil an aisíneacht ag streachailt le sé bliana anuas mar gheall ar chiorruithe airgid ar gá dóibh cur ar aghaidh chuig na heagraíochtaí éagsúla atá ag feidhmiú ar fud na tíre ar mhaithe leis an teanga.

Sin ráite, is deacair dom greim a fháil ar pé straitéis nó cur chuige atá ag an Fhoras na laethanta seo. Ní gá dom trácht ar an phrácás atá sa tSamhail Nua Maoinithe, ach is léir go dtuigtear sin anois agus ionadaithe rialtas ag sciolairt le cur in iúl go mbeidh dílárnú éigin ann maidir le poist agus nach bhfágfar na Sé Chontae in áit na leathphingne.

Tá ceisteanna móra ann anois maidir leis an phlean atá ann do Scéim Phobail Gaeilge, a chuireann ciste trí bliana ar fáil do beagnach fiche eagraíocht.  Faoin phróiseas oscailte a bhí ann go dtí seo, ba eagraíochtaí lonnaithe sna Sé Chontae iad 11 as an 19 eagraíocht a d’éirigh leo an t-airgead a fháil. Tá ceithre cinn acu suite i mBéal Feirste.

Tá caint ann anois go n-athrófaí an próiseas chun go mbeidh an t-airgead spréite amach ‘go cothrom’ ar bhonn tíreolaíoch.

Agus le déanaí mhaígh an Foras go raibh deireadh ag teacht le maoiniú na n-irisí An tUltach, Feasta, Nós, Gaelport.com agus Beo.ie.

Ní ionann seo is a rá gur gá dúinn bheith faoi smúit nó in ísle brí ar ndóigh. Tá cultúr féinghnímh agus féinchabhrach ag pobal na Gaeilge atá ag fás arís de réir a chéile.

Agus mé ag scríobh faoi na meáin is fiú trácht ar an nuachtán Goitse, an páipéar áitiúil i nGaeltacht Thír Chonaill. Ag deireadh na bliana seo caite chuaigh siad i mbun slua-chistiú ar an idirlíon ag iarraidh cuidiú leis an pháipéar a fhoilsiú. D’fhreagair na Gaeil dóibh agus bhailigh siad €5,000 don tionscnamh s’acu.

Tá an spiorad céanna taobh thiar den Rith, a chríochnaigh i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine. Rith sealaíochta 700km atá ann, gach ciliméadar urraithe ag scoileanna, cumainn spóirt agus chultúrtha, daoine aonair agus araile.

Ach chomh maith leis an airgead, tá tógáil meanman ina chuid an-tábhachtach den imeacht seo.

Duine ar bith a chonaic na páistí óga ó na Gaelscoileanna agus na cumainn lúthchleas Gael ar bhóithre Bhéal Feirste Dé Sathairn seo caite, chonacthas dóibh an misneach sin a chinnteoidh go leanfaidh muid orainn dár dtógáil féin mar phobal.

Cinnteoidh an spiorad sin chomh maith go gcloífidh muid seandearcaí an dá stáit sa tír seo i leith na Gaeilge – an naimhdeas agus an neamhshuim – agus go mbainfidh muid amach cearta agus cóir agus cothromas dúinne agus do na glúnta le teacht.

Beidh seans againn sin a chur in iúl arís ar an Lá Dhearg, Dé Sathairn 12ú Aibreán i mBéal Feirste. Bí linn don lá mhór.

Advertisements