Cothromas do spórt na mban

22 Lúnasa, 2015
Niamh McGrath

Niamh McGrath ó fhoireann na Gaillimhe (Grianghraf © INPHO/Donall Farmer)

Dé Sathairn seo caite bhí mé ag féachaint ar chluiche leath-cheannais camógaíochta sinsir uile-Éireann idir Gaillimh agus Loch Garman.

Ní raibh an cluiche ar an teilifís ach ar sheinnteoir ar líne RTÉ amháin ach ba chuma liom faoi sin ar dhá chúis. Ar an chéad dul síos, tá nasc leathanbhanda measartha maith agam.

An dara rud, cluiche den chéad scoth a bhí ann. Bhí Gaillimh chun tosaigh go compórdach le cuid mhaith den chluiche ach le seacht bombaite fágtha d’aimsigh Stacey Kehoe ó Loch Garman cúl a chuir beocht nua sa chomhrac.

Ag dul isteach in am cúitimh bhí an dá fhoireann ar chomhscór. Ní raibh ach soicindí go fóill ar an chlog, agus ansin – faic. Dorchadas. Folús.

Bhí deireadh leis an sruth.

(Mar a tharlaíonn, d’aimsigh Niamh McGrath ó Ghaillimh cúilín le poc deiridh an chluiche agus bhí bua 1-14 go 2-10 ag mná na treibhe, ach bhí orm sin a fháil amach ón chóras giolcaireachta Twitter.)

Bhí fearg orm ar dtús, ansin mhothaigh mé buíoch gur thaispeáin RTÉ an cluiche ar chor ar bith.

Ansin mhothaigh mé feargach arís, mar is é sin an réamhshocrú s’agam – mar atá a fhios ag duine ar bith a léigh an colún seo riamh.

Is mór an trua nach raibh cluiche den chaighdeán sin agus ag an leibheál sin ar fáil ní ba forleithne. Ar a laghad bhí athrach den scéal le feiceáil ar TG4 an tráthnóna céanna agus iad ag déanamh craoladh beo ar dhá chluiche pheil na mban.

Ach tá fadhb mhór go fóill ann ó thaobh aitheantas a thabhairt do spórt na mban.

Bhí sin le feiceáil go sonrach an mhí seo caite leis an chonspóid faoi chomórtas poc fada Chúige Uladh.

Ghnóthaigh buaiteoir chomórtas na mban, Catherine McGourty, bonn.

Ghnóthaigh buaiteoir chomórtas na bhfear, Patrick McKillion, bonn. Agus corn. Agus saoire sciála.

Thiocfadh leat an argóint a dhéanamh go dtiteann comórtas na bhfear faoi chúram an CLG agus chomórtas na mban faoi chúram an Chumainn Chamógaíochta, ach cén dóigh nach raibh an chiall ag duine ar bith den lucht eagraíochta le tabhairt faoi deara go raibh éagothromas sna duaiseanna, agus rud éigin a dhéanamh faoi sin.

Níl mé ag moladh duaiseanna a bhaint ó McKillion ar ndóigh, ach duais chosúil a bronnadh ar McGourty.

Sin an rud a rinne an iris spórt Ghaelach Gaelic Life, a ghlac de chúram orthu féin saoire agus dearbháin ar luach £500 a eagrú do McGourty mar fhreagra ar an éagóir.

Tá rudaí ag athrú de réir a chéile. Aithnítear go bhfuil TG4 ag déanamh sár-oibre le peil na mban (seachas an corr-theip le cúrsaí fógraíochta, b’fhéidir), agus de réir dealraimh bhí gach rath ar Chorn Domhanda Sacar na mBan i rith an tsamhraidh.

Chríochnaigh foireann Shasana le bonn cré-umha, ach ar theacht abhaile dóibh chuir cumann sacar Shasana, an FA, giolc amach ar Twitter ag rá go raibh na mná ag dul “back to being mothers, partners and daughters”.

Samhlaigh a leithéid de theachtaireacht do fhoireann na bhfear.

Níor bhain foireann na hÉireann áit amach sa Chorn Domhanda, ach tá obair ag dul ar aghaidh anseo – go háirithe agus an aird a fuair Stephanie Roche as an ainmniúchán do Ghradam Puskás ag deireadh na bliana seo caite.

B’fhéidir gur rud maith é nach raibh Éire sa chomórtas ar deireadh áfach – sa chás sin is dócha go mbeimis ag brath ar nasc ar líne neamhiontaofa de chuid RTÉ leis an diabhal rud a fheiceáil.


Dúshláin do dhaoirse atáirgthe na mban

25 Meán an tSamhraidh, 2015
Not a Vessel

Caithfidh mná cur in iúl go fóill gur daoine iad, chan soithí

Coicís ó shin d’fhoilsigh an roinn sláinte do Shasana agus an Bhreatain Bheag tuairisc ar na figiúirí ginmhillte don bhliain 2014. I measc na sonraí ar fad tugadh le fios gur thaisteal 4,572 bean ó Éirinn chuig an dlínse sin anuraidh le ginmhilleadh a fháil.

Is ionann sin agus triúr ban déag gach lá atá ag imeacht ó gach uile chontae sa tír seo. Ar ndóigh ní chuireann sin sa áireamh na mná a thugann seoltaí Briotanacha bréaga agus na mná a théann chuig tíortha eile chomh maith.

Shílfeá go mbeadh an cinneadh le ginmhilleadh a fháil deacair go leor do na mná seo, ach mar bharr ar an donas caithfidh siad an baile a fhágáil agus airgead a bhailiú le híoc as taisteal, lóistín agus as an chóireáil féin.

Measann an charthanacht pobail an Abortion Support Network go mbíonn costas £2000 ag dul go rialta leis an chóireáil. Is grúpa deonach iad an ASN a dhéanann iarracht cuidiú a thabhairt le cuid de na costaisí a chlúdach. Ach fós, do chailíní óga agus do mhná ón lucht oibre go ginearálta, is ualach mór é agus bíonn siad báite i bhfiacha.

Fiú do mhná ó na Sé Chontae (ar géillsinigh den ‘Ríocht Aontaithe’ iad) níl siad i dteideal cóireáil a fháil ar an NHS sa Bhreatain. Tá dúshlán á thabhairt don scéal seo faoi láthair, le bean óg agus a máthair os comhair na cúirte achomhairc ag tús na míosa seo ag argóint gur leithcheal atá ann.

Mar gheall ar chúrsaí airgid tá níos mó ban anois ag ordú piollaí EMA (ginmhilleadh cógais luath) ar líne go folaitheach trí eagraíochtaí ar nós Women on Web, a fhaigheann na míltí teachtaireachtaí gach lá ó mhná nach bhfuil ábalta ginmhilleadh sábháilte a rochtain ina dtír féin.

Níl na piollaí féin mídhleathach, ach tá sé mídhleathach iad a úsáid ar mhaithe le ginmhilleadh agus téarma príosúntachta 14 bliain ag dul leis sin.

In 2012 d’fhoilsigh an feachtas Sé-Chontaíoch Alliance for Choice litir oscailte ó 100 duine ag rá go bhfuair siad na piollaí seo agus gur chuidigh siad le daoine iad a fháil, chun dúshlán poiblí a thabhairt don dlí.

An tseachtain seo caite áfach thosaigh cás cúirte in éadan mná as na piollaí a fháil dá hiníon. Cuirtear ina leith gur ‘nimh’ a bhí iontu, ach tá na piollaí – Mifepristone agus Misoprostol – ar an liosta cógas riachtanach ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO).

Mar fhreagra air seo, tá 200 gníomhaí i ndiaidh litir nua a shíniú agus maíonn siad gur chóir iad go léir a chúiseamh mar aon leis an bhean úd.

Bhí cás cúirte eile i mBéal Feirste an tseachtain seo caite agus Comisiún Chearta Daonna na Sé Chontae ag tabhairt faoi athbhreithniú breithiúnach ar an dlí maidir le foirceannadh toirchis.

Tá siad ag lorg athrú sa dlí le go mbeidh foirceannadh ar fáil i gcásanna mínormáltacht fhéatach mharfach nó i gcásanna coireanna gnéis ar nós banéigin agus ciorrú coil.

D’ainneoin moltaí ó eagraíochtaí ar nós an WHO agus Coiste na Náisiún Aontaithe ar Dhíothú Leithcheal in aghaidh na mBan (CEDAW) níl foirceannadh toirchis dleathach ach nuair atá saol na mná faoi bhagairt. Ta príosúntacht saoil mar phionós do dhuine ar bith a dhéanann ginmhilleadh taobh amuigh den limistéar teoranta seo.

Dar leis an Chomisiún mar sin, tá an dlí ag teacht salach ar choimitmintí chearta daonna agus ag sárú chearta daonna na mban.

Tá an dlí céanna i bhfeidhm sna Sé Chontae Fichead agus coicís ó shin d’fhoilsigh Amnesty International an tuairisc She is not a criminal a dhéanann cur síos ar na forbairtí le blianta beaga nuas agus atá lán le cás-staidéir ó mhná ag insint faoin drochthionchar a bhí ag an chosc ar ghinmhilleadh orthu.

I gcás amháin anuraidh coinníodh bean a bhí marbh i dtéarmaí cliniciúla ar thacaíocht beatha de bhrí go raibh sí ceithre mhí torrach, bíodh is nach raibh an féatas inmharthana. Bhí ar theaghlach na mná dul chuig an Ard-Chúirt leis an tacaíocht beatha a mhúchadh. Thacaigh an chúirt leis an teaghlach, ag maíomh go raibh an cás ag baint de dhínit na mná i mbás agus ag goilleadh ar an teaghlach.

Tarlaíonn cásanna mar seo mar gheall ar an Ochtú Leasú ar Bhunreacht na Sé Chonate Fichead a chuireann cearta an fhéatais ar chomhchéim le cearta na mná. Aithnítear go gcuireann seo brú uafásach ar ghairm an leighis ach níos bunúsaí ná sin baineann sé de dhaonnacht na mná.

Agus polasaithe den chineál seo i bhfeidhm níl i mbean ach soitheach, ní duine í a fhad is atá sí ag iompar.

Ach le dúshláin á dtabhairt don dlí ar roinnt frontaí éagsúla is léir go bhfuil níos mó agus níos mó ban ag seasamh an fhóid lena saoirse atáirgthe a bhaint amach.


Bás do Trident nó Bás ó Trident

21 Bealtaine, 2015
No to Trident

Agóid in éadan Trident

An bhliain seo chugainn tá rialtas na Breataine chun cinneadh a dhéanamh ar athnuachan an chórais Trident, a gclár arm núicléach.

Meastar go gcosnóidh athchur an chórais reatha breis agus £30 billiún agus go cosnóidh cothabháil an chórais nua £100 billiún thar an saol 30 bliain atá beartaithe dó.

Tá bunáit Trident ar Abhainn Chluaidh ag an Gearr Loch, 25 míle thiar ó Ghlaschú. Níl muintir na hAlban ró-shásta faoi sin agus tá an dearcadh sin le sonrú i bpáirtithe polaitiúla na tíre úd. Scríobh an SNP i bhforógra toghcháin Westminster s’acu i mbliana,

“We will oppose plans for a new generation of Trident nuclear weapons and seek to build an alliance in the House of Commons against Trident renewal. We will vote for the £100 billion that the Westminster parties plan to spend on Trident renewal to be invested instead in better childcare, education and the NHS.”

Ní nach ionadh gur bhuaigh an SNP 95 faoin chéad de na suíocháin sa tír.

Ar ndóigh, níl polasaí na déine bunaithe ar aon easpa airgid i ndáiríre. Níl ann ach leithscéal don idé-eolaíocht nua-liobrálach le seirbhísí riachtanacha a laghdú agus a phríobháidiú agus leis an líontán sábhála sóisialta a ghearradh ina smidiríní.

Ach is fiú fós an cur amú airgid ar leithéidí Trident a chur in iúl le dúshlán a thabhairt do theachtaireach oifigiúil an rialtais.

Ní hiad na hAlbanaigh amháin atá ag cur in éadan leathadh na n-arm ollscriosta seo.

Faoi láthair tá rialtas Oileáin Marshall ag tabhairt rialtas na Breataine os comhair na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta, ag éileamh go gcloíonn siad leis an Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach.

Níl de dhaonra ach 70,000 duine ag Oileáin Marshall, tír a bhain neamhspleáchas amach in 1990. Roimhe sin bhí siad faoi ‘chúram’ na Stát Aontaithe agus idir 1946 agus 1958 d’úsáid SAM an limistéar mar an suíomh tástála do 67 pléascadh núicléach.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Tony De Brum go bhfuil siad, “fulfilling a moral and legal mandate as members of the non-proliferation treaty and as people who have experienced the horrors of nuclear contamination.”

Agus bhí tinneas cinn eile do rialtas na Breataine le laethanta beaga anuas agus an sceithire William McNeilly ag nochtadh scéil faoi chomh dona agus atá cúrsaí slándála agus sábháilteachta an chabhlaigh núicléigh.

Dúirt an mairnéalach inniúil McNeilly go bhfuil cúrsaí ina “disaster waiting to happen” agus é ag foilsiú tuairisc scór leathanach ar na fadhbanna, lochtanna agus laigeachtaí a bhaineann leis an ‘iombhagairt núicléach’.

(Is léir gur muidne atá gafa áit ar bith i ngar do na hairm seo is mó atá faoi bhagairt acu, seachas aon ghinearál Sóivéideach nó pé namhaid a úsáideann siad anois sna cluichí cogaidh s’acu.)

Dúirt Kate Hudson ón Fheachtas ar son Dí-armála Núicléach, “Make no mistake: these are damning charges against the UK’s nuclear weapons system. While Trident is supposed to keep us safe: this report paints a nightmarish picture of just how close we may have come to the UK’s own nukes causing the greatest catastrophe this country has ever seen…

“If true, this report isn’t a whistleblower calling for better safety practices for the UK’s nuclear weapons: it is the final whistle being blown on Trident.”

Agus ag trácht ar chúrsaí a chuirfidh an Apacailipsis nó báire na fola i gcrích, tarlaíonn an reifreann ar chomhionannas pósta Dé hAoine beag seo sna Sé Chontae Fichead.

Níl aon leigheas ar an ghrá ach pósadh mar a deir an seanfhocal, agus cén fáth nach mbeadh na cearta céanna ag lánúin homaighnéasach agus atá ag lánúin heitrighnéasach.

Níl ach seanfhocal céillí eile agam mar fhocal scoir – déan suirí, chan buamaí.


Athrú Córais, chan Athrú Aeráide

29 Márta, 2015

Tuairisc le Trócaire ar thionchar an athrú aeráide

Mar chuid den fheachtas Carghais ag Trócaire i mbliana, tá an charthanacht ag díriú airde ar dhrochthionchar an athrú aeráide atá le sonrú cheana féin i gcuid de na tíortha is boichte ar domhan, an Aetóip ach go háirithe.

D’fhoilsigh Trócaire tuairisc tamall beag ó shin faoin teideal Feeling the Heat, a chuir roinnt cás-staidéar chun cinn ó thíortha atá i mbéal forbartha – an Aetóip, Hondúras, an Chéinia, an Mhaláiv agus na hOileáin Fhilipíneacha.

Bíodh is go bhfuil astaíocht dé-ocsaíde carbóin (CO2) na dtíortha seo thar a bheith íseal, is mó atá tíortha mar seo ag fulaingt mar gheall ar an uafás astaíochta atá ag teacht ó na tíortha forbartha – Éire san áireamh.

Agus muid ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin seo bhí leid ar cheann de na constaicí is mó os ár gcomhair le feiceáil an tseachtain seo caite ar chósta Mhaigh Eo.

Thángthas ar phíopa 800 slat ar fad agus é ar snámh sa chuan agus tugtar le fios gur mar gheall ar drochaimsir le déanaí a bhris sé ón áit a raibh sé suite ar ghrinneall na farraige.

D’fhiafraigh iascairí áitiúla den Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil cén fáth nach raibh siad ag déanamh iniúchadh ar an chás, agus d’fhreagair an EPA go raibh siad ag fáil an eolais is déanaí ón chomhlacht.

Shell an comhlacht atá i gceist agus an tionscadal conspóideach Corrib Gas atá idir chamáin.

Ba é imní faoi chúrsaí sláinte do dhaoine agus don timpeallacht a chuir tús leis an chonspóid faoin tionscadal seo in Iorras Mhaigh Eo. Conspóid atá ag leanúint leis le cúig bliana déag anuas.

Ábhar eile conspóide ná na coinníollacha breá cánach a fuair Shell (agus comhlachtaí ola agus gáis nach iad) chomh maith leis an fhabhar a fuair an ollchomhlacht ón stát thar an phobal iad féin.

Is sainmhíniú amháin é sin ar an nua-liobrálachas – an gean atá ag lucht chumhachta do chorporáidí seachas do dhaoine – agus is é an córas seo is mó a bhfuil dár mbrú i dtreo tubaiste timpeallachta.

Faoin idé-eolaíocht seo cúlaíonn an stát ó aon chur isteach ó cheart an lucht rachmais le dul sa tóir ar bhrabús – is cuma cén dochar a dhéanann sé. Agus níl mórán tionscal atá chomh brabúsach le tionscadal na mbreoslaí iontaise.

Caithfidh na comhlachtaí móra fanacht brabúsach ar ndóigh, agus mar thoradh air sin tchíonn muid go bhfuil siad ag dul amach ag lorg gach deor deiridh ar féidir leo aimsiú ag úsáid modhanna eastósctha neamhghnácha – scoilteadh hiodrálach, mianadóireacht slocoscailte, mianadóireacht tarraghainimh, srl.

Tá na modhanna seo ag déanamh tuilleadh dochar ó thaobh na haeráide de, ní amháin mar gheall ar astaíocht CO2 ach na ceimicí eile cosúil le meatán atá níos measa don téamh domhanda.

Cuidíonn an t-ollbhrabús leis an stocaireacht a dhéanann an tionscal le rialtais agus le polaiteoirí ar fud na cruinne. Tá an nua-liobrálachas i réim leis na maithe móra ach ní hionann sin is a rá go bhfuil amhlaidh don choitiantacht, don slua salach, do na gnáthdhaoine – agus daonlathas in ainms bheith againn dár ndóigh.

Sna Stáit Aontaithe mar shampla, le linn toghchán 2012 chaith an tionscal ola agus gáis $73 milliún i ndeonacháin agus in 2013 chaith siad $400,00 sa lá ar stocaireacht le Comhdháil na Stát Aontaithe agus oifigigh rialtais.

Tá tionchar eile ag córas an mhargaidh shaor. Mar gheall ar na buntáistí cánach flaithiúla a fhaigheann na comhlachtaí móra, caithfidh an chuid eile againn maireachtáil faoi pholasaí déine.

Maidir leis an timpeallacht, tá tionchar na déine le sonrú anseo go háitiúil. Mhaígh Translink ar na mallaibh go mbeadh orthu roinnt seirbhísí bus a ghearradh agus praghasanna a ardú. Cuir san áireamh gur ábhar magaidh iad na lánaí rothair agus tchíonn tú go bhfuil daoine á mbrú le tiomáint ina ngluaisteáin féin nuair a ba chóir córas ceart iompar poiblí bheith againn, go háirithe i gceantair thuaithe.

Tá bealaí éagsúla ann do ghnáthdhaoine athrú beag a dhéanamh ina saol féin atá ar leas an domhain seo (agus ná déanaimis dearmad nach bhfuil aon áit eile againn le dul). Tá moltaí le fáil ó Trócaire agus ón iliomad grúpa eile.

Ach má tá muid chun stop a chur leis an tubaiste atá os ár gcomhair mar gheall ar athrú aeráide, is é athrú córais an t-aon bhealach a bhainfidh muid sin amach.


The Irish language under the Orange State

30 Nollaig, 2014
Jame Craig

James Craig (Lord Craigavon) – first Prime Minister of the Orange State

(Aistriúchán Béarla ar an alt thíos, An Ghaeilge faoin Stát Oráisteach)

Of all the faults with the Spotlight programme on the Irish language (of which there were many) there was one major omission that I want to draw attention to, and that is the way the language and the language community were treated under the Orange state.

In 1920 the British government decided to impose partition on Ireland. In the Six Counties, unionist built a one-party state that strove to fortify its connection to Britain and to suppress any Irish characteristic of the territory.

At the time of partition there were still mini-Gaeltachts spread around the state. It was denied that any such language of language community existed, going so far as to remove references to the Irish language from the 1921 census onwards.

This approach was visible in the education system from the first day. The first education minister, Lord Londonderry, made sure that restraints and limits would be placed on the opportunities for Irish to be learnt.

This policy succeeded well and between 1924 and 1927 there was a 50% drop in the number of pupils studying Irish. Every subsequent education minister continued with the policy.

They were clever enough not to place an outright ban on the teaching of Irish as they understood that it would be counter-productive. When a unionist MP criticised the government for having Irish on the curriculum at all, the second education minister (Lord Charlemont) responded:

“Now if you want to make any sort of Irishman do something the surest way is to tell him that it’s forbidden […] all I can say is that forbidding it under pressure will stimulate it to such an extent that the very dogs in Belfast – at any rate, the Falls Road dogs – will bark in Irish.”

When a nationalist MP questioned the Prime Minister, Lord Craigavon, about this policy, he replied:

“What use is it to us here in this progressive, busy part of the Empire to teach our children the Irish language? What use would it be to them? Is it not leading them along a road which has no practical value?”

Outside of the education system it could be seen that there was a deliberate policy to give no recognition to Gaelic culture or to the language. In terms of broadcasting, the BBC’s monopoly in radio and later in television was used for the benefit of the state.

The managers and directors of these stations were members of the Establishment and the BBC’s view was clear from a document of theirs from 1930:

“[The BBC Regional Service] reflects the sentiments of the people who have always maintained unswerving loyalty to British ideals and British culture. Northern Ireland relies on broadcasting to strengthen its common loyalties with Britain.”

There was no coverage of Gaelic games for many years, and the ban on broadcasting in Irish lasted until the 1980s.

In August 1945 the nationalist MP Eddie McAteer spoke a few words of Irish in the Stormont parliament and unionist politicians began shouting “No foreign language here” – including Prime Minister Basil Brooke and the education minister Lieutenant-Colonel Samual Hall-Thompson.

In 1949 Brian Faulkner MP (who would later be Prime Minister) complained that a council in Newry wanted to name streets in Irish, “in a language which is not our language”, and as a result an amendment was made to the Public Health and Local Government Act that banned Irish language streetnames.

In the following years the Public Order Act and the Flags and Emblems (Display) Act were passed, which strengthened the Special Powers Act and denied that there was a space for any bit of Irish culture yet again.

This is only a glance at the ways in which the Orange State treated the Irish language and the Irish language community.

Despite all of the distortions by the BBC, unionist hostility to the language cannot be blamed on republicans ‘politicising’ the language, in 1981 or 1916 or at any other time.

That hostility goes way back. Cathal O’Byrne wrote about the foundation of the Gaelic League in this city in 1895,

“The League was never considered quite ‘respectable’ – that awful Belfast word – by the planters. To be a Gaelic Leaguer was to be a suspect always.”

Before that, in 1892, the British Prime Minister Lord Salisbury was able to proclaim that,

“Ulster Unionism is based on hereditary and irrevocable enmity to everything Irish.”

And in 1875 Samuel Ferguson wrote about Queen’s University,

“All things Celtic are regarded by our educated classes as of questionable ton and an idea exists that it is inexpedient to encourage anything intended to foster Irish sentiment.”

In the 1970s unionist paramilitaries carried out a number of gun and bomb attacks on the Irish language department at the same university.

The more things have changed over the past 100 years, the more they have stayed the same.


An Ghaeilge faoin Stát Oráisteach

24 Nollaig, 2014
Stormont - Teach an Stáit Oráistigh

Stormont – Teach an Stáit Oráistigh

As na lochtanna ar fad a bhí ar chlár Spotlight faoin Ghaeilge (agus is iomaí locht a bhí ann) bhí easnamh mór amháin ann ar mhaith liom aird a dhíriú air, agus is é sin an dóigh ar caitheadh leis an teanga agus a pobal labhartha faoin stát Oráisteach.

In 1920 chinn Rialtas na Breataine ar chríochdheighilt a fhorchur ar Éirinn. Sna Sé Chontae, thóg na haontachtóirí stát aon-pháirtí a rinne dian-iarracht a cheangal leis an Breatain a dhaingniú agus gach gné Éireannach den limistéar a chur faoi chois.

Ag am na críochdheighilte bhí mionGhaeltachtaí go fóill scaipthe ar fud an stáit. Diúltaíodh go raibh a leithéid de theanga agus de phobal teanga ann, ag dul chomh fada le tagairtí don Ghaeilge a stróiceadh ó dhaonáireamh 1921 ar aghaidh.

Bhí an cur chuige seo le sonrú sa chóras oideachais ón chéad lá. Rinne an chéad aire oideachais, an Tiarna Londonderry, rinne sé cinnte go gcuirfí teorainneacha agus lancaisí ar na deiseanna leis an Gaeilge a fhoghlaim.

D’éirigh go maith leis an pholasaí s’aige agus idir 1924 agus 1927 bhí laghdú 50% ar líon na ndaltaí ag dul don Ghaeilge. Lean gach aire oideachais eile leis an pholasaí.

Bhí siad cliste go leor gan cosc iomlán a chur ar theagasc na teanga nó thuig siad go mbeadh sin fritorthúil. Nuair a rinne feisire aontachtach cáineadh ar an rialtas as an Ghaeilge bheith ar an churaclam in aon chor, d’fhreagair an dara aire oideachais (an Tiarna Charlemont) dó:

“Now if you want to make any sort of Irishman do something the surest way is to tell him that it’s forbidden […] all I can say is that forbidding it under pressure will stimulate it to such an extent that the very dogs in Belfast – at any rate, the Falls Road dogs – will bark in Irish.”

Nuair a chuir feisire náisiúnach ceist ar an Phríomh-Aire, an Tiarna Craigavon, faoin pholasaí seo, d’fhreagair sé:

“What use is it to us here in this progressive, busy part of the Empire to teach our children the Irish language? What use would it be to them? Is it not leading them along a road which has no practical value?”

Taobh amuigh den chóras oideachais bhí sé le feiceáil go raibh polasaí beartaithe ann gan aon aitheantas a thabhairt don teanga ná don chultúr Gaelach. Ó thaobh chúrsaí craolacháin de, baineadh úsáid as monaplacht an BBC sa raidió agus ní ba mhóille ar an teilifís chun sochair don stát.

Bhí bainisteoirí agus stiúrthóirí na stáisiún seo ina mball den Bhunaíocht agus bhí intinn an BBC soiléir ó cháipéis dá gcuid ó 1930:

“[The BBC Regional Service] reflects the sentiments of the people who have always maintained unswerving loyalty to British ideals and British culture. Northern Ireland relies on broadcasting to strengthen its common loyalties with Britain.”

Ní dhearnadh tuairisciú ar chluichí Gaelacha ar feadh i bhfad, agus mhair cosc ar chraoladh i nGaeilge go dtí na 1980í.

I mí Lúnasa 1945 labhair an feisire náisiúnach Eddie McAteer cúpla focal Gaeilge sa pharlaimint agus thosaigh polaiteoirí aontachtacha ag scairteadh “No foreign language here ” – an Príomh-Aire Basil Brooke agus an t-aire oideachais An Leifteanant-Choirnéal Samuel Hall-Thompson ina measc.

In 1949 rinne an feisire Brian Faulkner (a bheadh ina Phríomh-Aire níos moille) gearán sa Pharlaimint go raibh comhairle in Iúr Cinn Trá ag iarraidh sráideanna a ainmniú i nGaeilge, “in a language which is not our language”, agus as a shiocair cuireadh leasú leis an Acht um Shláinte Phoiblí agus Rialtas Áitiúil a chuir cosc iomlán ar shráidainmneacha Gaeilge.

Sna blianta beaga ina dhiaidh ritheadh an tAcht um Ord Poiblí agus an tAcht um (Thaispeáint) Bhratacha agus Suaitheantais, a neartaigh an tAcht um Chumhachtaí Speisialta agus a shéan go raibh spás ann d’aon chuid de chultúr na hÉireann arís eile.

Níl anseo ach sracfhéachaint ar na bealaí a chaith an Stát Oráisteach leis an Ghaeilge agus le pobal na Gaeilge.

D’ainneoin na bhfiarthaí ar fad a rinne an BBC ar an scéal, ní féidir an milleán as naimhdeas aontachtach don teanga a chur ar phoblachtóirí a rinne ‘polaitiú’ ar an teanga, in 1981 nó 1916 nó pé am eile.

Téann an naimhdeas i bhfad siar. Scríobh Cathal O’Byrne faoi bhunú Chonradh na Gaeilge sa chathair seo in 1895,

“The League was never considered quite ‘respectable’ – that awful Belfast word – by the planters. To be a Gaelic Leaguer was to be a suspect always.”

Roimhe sin, in 1892, bhí Príomh-Aire na Breataine, an Tiarna Salisbury, bhí seisean in ann maíomh,

“Ulster Unionism is based on hereditary and irrevocable enmity to everything Irish.”

Agus in 1875 scríobh Samuel Ferguson faoi Ollscoil na Banríona,

“All things Celtic are regarded by our educated classes as of questionable ton and an idea exists that it is inexpedient to encourage anything intended to foster Irish sentiment.”

Sna 1970í rinne paraimíleataigh aontachtacha roinnt ionsaithe gunna agus buamála ar Roinn na Gaeilge san Ollscoil chéanna.

Dá mhéad a d’athraigh cúrsáí le céad bliain anuas, is amhlaidh is beag a d’athraigh siad.


Fadhb amháin le Spotlight aréir

17 Nollaig, 2014

BheannMhadagin


Lean

Seolfar chuile alt nua chuig an mbosca ríomhphoist agat.