Bás do Trident nó Bás ó Trident

21 Bealtaine, 2015
No to Trident

Agóid in éadan Trident

An bhliain seo chugainn tá rialtas na Breataine chun cinneadh a dhéanamh ar athnuachan an chórais Trident, a gclár arm núicléach.

Meastar go gcosnóidh athchur an chórais reatha breis agus £30 billiún agus go cosnóidh cothabháil an chórais nua £100 billiún thar an saol 30 bliain atá beartaithe dó.

Tá bunáit Trident ar Abhainn Chluaidh ag an Gearr Loch, 25 míle thiar ó Ghlaschú. Níl muintir na hAlban ró-shásta faoi sin agus tá an dearcadh sin le sonrú i bpáirtithe polaitiúla na tíre úd. Scríobh an SNP i bhforógra toghcháin Westminster s’acu i mbliana,

“We will oppose plans for a new generation of Trident nuclear weapons and seek to build an alliance in the House of Commons against Trident renewal. We will vote for the £100 billion that the Westminster parties plan to spend on Trident renewal to be invested instead in better childcare, education and the NHS.”

Ní nach ionadh gur bhuaigh an SNP 95 faoin chéad de na suíocháin sa tír.

Ar ndóigh, níl polasaí na déine bunaithe ar aon easpa airgid i ndáiríre. Níl ann ach leithscéal don idé-eolaíocht nua-liobrálach le seirbhísí riachtanacha a laghdú agus a phríobháidiú agus leis an líontán sábhála sóisialta a ghearradh ina smidiríní.

Ach is fiú fós an cur amú airgid ar leithéidí Trident a chur in iúl le dúshlán a thabhairt do theachtaireach oifigiúil an rialtais.

Ní hiad na hAlbanaigh amháin atá ag cur in éadan leathadh na n-arm ollscriosta seo.

Faoi láthair tá rialtas Oileáin Marshall ag tabhairt rialtas na Breataine os comhair na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta, ag éileamh go gcloíonn siad leis an Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach.

Níl de dhaonra ach 70,000 duine ag Oileáin Marshall, tír a bhain neamhspleáchas amach in 1990. Roimhe sin bhí siad faoi ‘chúram’ na Stát Aontaithe agus idir 1946 agus 1958 d’úsáid SAM an limistéar mar an suíomh tástála do 67 pléascadh núicléach.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Tony De Brum go bhfuil siad, “fulfilling a moral and legal mandate as members of the non-proliferation treaty and as people who have experienced the horrors of nuclear contamination.”

Agus bhí tinneas cinn eile do rialtas na Breataine le laethanta beaga anuas agus an sceithire William McNeilly ag nochtadh scéil faoi chomh dona agus atá cúrsaí slándála agus sábháilteachta an chabhlaigh núicléigh.

Dúirt an mairnéalach inniúil McNeilly go bhfuil cúrsaí ina “disaster waiting to happen” agus é ag foilsiú tuairisc scór leathanach ar na fadhbanna, lochtanna agus laigeachtaí a bhaineann leis an ‘iombhagairt núicléach’.

(Is léir gur muidne atá gafa áit ar bith i ngar do na hairm seo is mó atá faoi bhagairt acu, seachas aon ghinearál Sóivéideach nó pé namhaid a úsáideann siad anois sna cluichí cogaidh s’acu.)

Dúirt Kate Hudson ón Fheachtas ar son Dí-armála Núicléach, “Make no mistake: these are damning charges against the UK’s nuclear weapons system. While Trident is supposed to keep us safe: this report paints a nightmarish picture of just how close we may have come to the UK’s own nukes causing the greatest catastrophe this country has ever seen…

“If true, this report isn’t a whistleblower calling for better safety practices for the UK’s nuclear weapons: it is the final whistle being blown on Trident.”

Agus ag trácht ar chúrsaí a chuirfidh an Apacailipsis nó báire na fola i gcrích, tarlaíonn an reifreann ar chomhionannas pósta Dé hAoine beag seo sna Sé Chontae Fichead.

Níl aon leigheas ar an ghrá ach pósadh mar a deir an seanfhocal, agus cén fáth nach mbeadh na cearta céanna ag lánúin homaighnéasach agus atá ag lánúin heitrighnéasach.

Níl ach seanfhocal céillí eile agam mar fhocal scoir – déan suirí, chan buamaí.