An Ghaeilge agus Éirí Amach na nOibrithe 1913

14 Samhain, 2013
Séamus Ó Lorcáin agus Séamus Ó Conghaile

Séamus Ó Lorcáin agus Séamus Ó Conghaile

Céad bliain ó shin bhí athmhúscailt ag tarlú in Éirinn. Bhí athmhúscailt chultúrtha faoi lán seoil agus bhí sin le sonrú sa bhorradh mhór a tháinig faoi eagraíochtaí ar nós Chumann Lúthchleas Gael agus Chonradh na Gaeilge.

Ag an am chéanna, bhí gluaiseacht nua ceardchumannachais ag ardú meanma an lucht oibre. Bhí Ceardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann ar thús cadhnaíochta. Ní amháin go raibh an Cumann seo ag eagrú oibrithe neamhoilte – grúpa a deirtí fúthu go raibh siad do-eagraithe – bhí sé ar intinn acu an córas sóisialta ina iomláine a thiontú bunoscionn.

Ba phoblachtaigh shóisialacha neamhleithscéalacha iad Séamus Ó Lorcáin agus Séamus Ó Conghaile. Chreid an bheirt acu go daingean i saoirse náisiúnta na hÉireann agus i saoirse eacnamaíochta an lucht oibre, agus chreid siad go raibh nasc idir diansmacht an impiriúlachais agus diansmacht an chaipitleachais a chloí.

Chonacthas don bheirt acu go raibh ról ag an athbheochan chultúrtha sa streachailt seo. Scríobh Ó Conghaile,

“I believe the Gaelic movement has great promise of life in it, but that promise will only be properly fulfilled when it naturally works its way into the life of the nation, side by side with every other agency making for a regenerated people.”

D’eagraigh Cumann na nOibrithe Iompair ranganna Gaeilge ina gceannáras, Halla na Saoirse, agus rinne an nuachtán s’acu The Irish Worker tuairisiú rialta ar imeachtaí an CLG agus Chonradh na Gaeilge. Chuir Ó Lorcáin a bheirt mhac ar Scoil Éanna, scoil Ghaelach Phádraic Mhic Phiarais.

In 1913 chinn na fostóirí ba mhó i mBaile Átha Cliath ar an slí le deireadh a chur le bagairt an ‘Lorcánachais’. D’ordaigh siad dá bhfostaithe an Ceardchumann a thréigean agus geallantas a thabhairt gan filleadh air arís. Dhiúltaigh na hoibrithe glacadh leis seo agus faoi fhómhar na bliana sin bhi 25,000 duine frithdhúnta óna bpost nó ar stailc.

Ar 30ú Lúnasa gabhadh an Conghaileach agus gearradh téarma príosúntachta trí mhí air. D’iarr sé ar a chomrádaí Cathal Ó Seanáin, ball den Cheardchumann i mBéal Feirste agus Gaeilgeoir líofa, d’iarr sé air cúpla graiméar Gaeilge – i gcanúint Chúige Uladh – a chur chuige chun go dtiocfadh leis an am sin a úsáid le cur lena chuid Gaeilge. Mar a tharla, scaoileadh saor é i ndiaidh coicíse.

Bhí ceardchumannaigh i mBaile Átha Cliath a raibh ina mbaill de Chonradh an Gaeilge agus a bhí ag iarraidh nascanna a chruthú idir an dá ghluaiseacht. Orthusan bhí Liam P. Ó Riain agus Mícheál Ó Maoláin. Rith sé leo áfach gur amharc maithe na gluaiseachta anuas ar an lucht oibre.

Scríobh Ó Riain,

“Tá eirghe amach i measg na bhfear oibre i mBaile Átha Cliath agus i n-áiteacha eile i n-Éirinn agus tá sé ag déanamh buaidheartha do Ghaedhilgeóirí áirithe. Samhluightear dóibh-san nach bhfuil na fir oibre dílis do “Spiorad na hÉireann” agus spiorad na Náisiúntachta; gur chóir dóibh bheith ciúin, foighdeach nó go mbeidh ár riaghaltas féin againn, go bhfuilid meallta le “cumannuidhthe Shasana” agus smaointe Shasana.”

Arsa Ó Maoláin,

“Daoine a thug Gaeil ortha féin anseo in Éirinn ba sásadh lena gcroí gach uair dar tharraing póilí buille dá bhata ar chloigeann oibrí a shíolraigh ón gCine Gael mar ba nimheanta a bhíodar – na Gaeil seo – in aghaidh Cúis na nOibrithe.”

Ba chainteoir dúchais é Mícheál Ó Maoláin as Oileáin Árann agus d’oibrigh sé mar eagraí ag Cumann na nOibrithe Iompair. Bhí sé ina rúnaí ar Choiste Ceantair Bhaile Átha Cliath den Chonradh chomh maith. Gabhadh é le linn na stailce agus gearradh príosúntacht trí mhí air le diansaothar, rud a chur isteach ar obair an Chonartha sa chathair, ach ní dhearna páipéar na heagraíochta An Claidheamh Soluis aon tagairt don chás.

Bhí an polasaí righin gan dul le polaitíocht fós i bhfeidhm ag an Chonradh sa tréimhse seo. D’ainneoin seo ba mhinic a phléigh siad ceisteanna móra an lae i leathanaigh an nuachtáin s’acu, Rialtas Dúchais ach go háirithe.

Agus an cheist náisiúnta idir chamáin acu, rinne Frithdhúnadh 1913 cinnte nach dtiocfadh leis na Gaeil neamhaird a dhéanamh de cheisteanna sóisialta agus eacnamaíochta agus iad i mbun plé ar an náisiún Ghaelach ar mhian leo tógáil.

Arsa Liam P. Ó Riain,

“Ní fiú trácht ar an “náisiúntacht” nach mbíonn i n-aghaidh an bhochtainis, an daibhris agus an aineolais… Budh cheart do Gheadheala smaoineadh go dian doimhin ar na ceisteanna so go léir. Tuigfidh siad sa deire go seasann cúis na Gaedhilge agus cúis na Sibhialtachta ar chúis na n-oibrightheoir – na hoibrightheoirí intleachta agus na hoibrightheoirí céirde.”

 

Tá ról na nGael le linn Stailc Mhór 1913 a chíoradh sa leabhar nua le Aindrias Ó Cathasaigh, An Diabhal in Uachtar in Áth Cliath. Beidh Aindrias ag seoladh an leabhair i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich Dé Sathairn beag seo, 16ú Samhain ag 12.30in.

Advertisements

Stair agus cultúr CLG faoi ionsaí ag Impiriúlachas comhaimseartha na ‘Síochána’

01 Samhain, 2013

Alt le Feargal Mac Ionnrachtaigh

Rinne mé machnamh ar eiteos agus oidhreacht shaibhir Cumann Luthchléas Gaeil agus mé ag déanamh seoladh leabhair i gCumann Naomh Éanna i nGleann Ghorm Liath ar an satharn seo caite. Onóir mhór a bhí ann dom seo a dhéanamh mar chuid do chuimhneachán fiche bliana Seán Fox, a bhí uachtarán ar an chumann nuair a mháraigh gníomhairí stát na Breataine é thiar in 1993. Is an polasaí foréigneach na claonpháirtíochta céanna a bhí in úsáid nuair a dunmharaíodh bainisteoir peile sinsir an chumainn, Gerry Devlin in 1997. Creidtear go láidir fosta gur mharaigh gníomhairí rúnda ó Bhrainse Spéisialta an PSNI an peiladóir óg, Gerard Lawlor in 2002, bliain ina dhiaidh do Chumann Luthchleas Gaeil géilleadh do realpolitick neamhthrócaireach an próiseas síochana agus iad ag céadú ballraíocht do na forsaí ‘slándála’ céanna.

Feictear do mhuintir Naomh Éanna gur maraíodh na Gaeil cróga seo mar go raibh sé de uchtach acu fogairt go poiblí go raibh cultúir agus féiniúlacht Ghaelach acu sa stáitín nua-choilíneach seichteach ina mhairimid. Tá Gaeil an chumainn seo bródúil gur bunaíodh iad ar comóradh daichead bliana Éirí Amach na Cásca in 1956. Ghlac siad spreagadh ó réabhlóid Phadraig Mhic Phiarais agus an tuiscint shoiléir gur dlúthchuid í an streachailt athbheochana cultúrtha don mhórstreachailt pholaitiúil chun Éirinn a athghabháil ón smacht choilíneach. Chuaigh sliochtach comhaimseartha na nGaeil seo céim bréise chun tosaigh in 2004 nuair a bhunaigh siad Gaelscoil Éanna atá anois ar an scoil is gaiste fás in Éirinn. Creideann siad i bhfealsúnacht an Phiarsaigh gur chóir athréimniú an teanga a úsáid mar ghléas díchoilínithe chun troid ar ais in éadan ‘murder machine’ na Breataine agus féinchumhachtú, féinmheas agus féinmhuinín a spreagadh athuair in muintir na hÉireann. Mar sin, is ‘in no spirit of timid apology’ go bhforgraíonn Gaeil an chumainn seo gur tioscadail poblachtánach é Naomh Éanna atá fréamhaithe i bhfógógra na Cásca.

Ní gá ach mionstaideár a dhéanamh ar stair bunaithe CLG le tuigbheáil go bhfuil Gaeil Naomh Éanna dílis do na spriocanna uasail seo. An chéad chéim i bpróiseas díchoilínithe a  bhí sa Chumann, iarracht chun athghabháil a dhéanamh ar an méid a bhí á chailleadh le coiliniú na Breataine ag deireadh na naoú haoise déaga. Fán bhliain 1890, bhí 1000 cumainn i bparóistí ar fud na tire, rud a chiallaigh gurb é an CLG an eagraíocht spóirt is gaiste fáis i stair an domhain. Lean daoine mar gur thug said nach barbaraigh iad a thiontaigh ina ghéillsinigh dílis briotanacha. Lean daoine mar gur mheas said gurb fhiú cultúr dúchais s’acu a athghabháil agus féiniúlacht neamhspléach a thógáil.

Léigh an t-alt iomlán anseo.