Uaisleacht agus urchóideacht sna freagraí ar ghéarchéim na dteifeach

African asylum seekers rescued off boats and taken aboard an Italy navy ship, June 8, 2014. Photographer Massimo Sestini accompanied the Italian navy on its rescue missions earlier this month, offering a rare up-close glimpse of the men, women and children who make the dangerous trip to start a new life. Eight months after a boat carrying hundreds of migrants sank off the coast of Lampedusa, killing more than 360 people and spurring an international outcry, the flow of migrants risking the perilous sea journey to Europe shows no signs of letting up. Already this year, the number of migrants arriving by boat on Italy’s shores has surpassed 40,000, the total number of migrants that arrived in 2013. Earlier this month, Italy said it rescued some 5,200 people in the span of just four days. Officials there warn that many more will die without broader support from across Europe. Tens of thousands of refugees and migrants make the journey to Europe annually, departing from dozens of countries in Africa and the Middle East, according to the European Parliament. In recent years, Syrians fleeing the civil war in their country have joined the ranks of Eritreans, Sudanese and Somalis looking for a better life, the UN said in April. Credit: Massimo Sestini / eyevine For further information please contact eyevine tel: +44 (0) 20 8709 8709 e-mail: info@eyevine.com www.eyevine.com

Massimo Sestini / eyevine

Le seachtainí beaga anuas tá an saol mór gafa ag scéal uafásach na dteifeach atá ag iarraidh éalú ón chogaíocht sa tSiria.

Coicís ó shin bádh Alan Kurdi, buachaill trí bliana d’aois, sa Mheánmhuir in éineacht lena dheartháir Ghalib agus a mháthair Rehana, chomh maith le deichnear duine eile. Bhí siad ag déanamh bealaigh ón Tuirc go dtí oileán Kos na Gréige.

Thóg iriseoir pictiúr de chorp Alan ar an trá, íomhá choscrach gan aon amhras, ach ceann a léirigh an cumhacht atá ag grianghraif le daoine a ghríosú.

Foilsíodh an grianghraf sin ar leathanach tosaigh nuachtán eásúla ar fud an domhain, agus bhí sé ina ábhar cainte ag ceannair stáit.

Spreag sé gnáthdhaoine chomh maith le dul i mbun obair chosmhuintire le cuidiú leis na teifigh pé bealach ar féidir leo.

D’eagraigh daoine bailiúcháin faoina stuaim féin, ag impí ar dhaoine culaith agus ábhair áisiúla eile a thabhairt.

Chonaic mé roinnt samplaí den saothar daonna seo go pearsanta – i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich agus ag geataí Chumann Lúthchleas Gael mar shampla, agus tá an ceardchumann Unison ag eagrú bailiúchán in otharlanna ar fud na Sé Chontae i láthair na huaire.

Tá an scéal anois ag teacht amach go raibh ar roinnt grúpaí éirí as deonacháin a ghlacadh mar gur rith siad amach as spás. Fadhb mhaith, is féidir a rá, agus taispeántas iontach de chineáltas agus flaithiúlacht ghnáthdhaoine ó thobh taobh na tíre agus i gcéin chomh maith.

Tá na conbhuanna ar an bhealach chuig na campaí sa Fhrainc agus san Ungáir, ach tá bealaí eile le cuidiú dóibh siúd a bhfuil go fóill ag iarraidh rud éigin a dhéanamh.

Tá carthanachtaí ar nós Trócaire agus Oxfam agus grúpaí eile nach iad lonnaithe i gcampaí na dteifeach agus i mbun dea-oibre iontu. Is féidir deonacháin a thabhairt do na grúpaí seo le tacú leis an obair sin.

Tá gníomh eile le déanamh áfach.

Fuair nios mó ná 2,000 duine bás sa Mheánmhuir i mbliana. Daoine a bhí ag éalú ó choimhlintí sa tSiria, san Iaráic agus sa Libia.

Tá ról mór ag rialtais éagsúla an Domhain Thiar i gcruthú agus i gcaomhnú na gcoimhlintí seo.

Tá obair fhadtéarma ann le gluaiseacht fhrithchogaidh agus fhrithimpiriúlach a thógáil le cur in éadan seo.

An gad is gaire don scornach áfach ná ceist na dteifeach a tháinig slán ach atá anois gafa ag geataí Dhúnfort na hEorpa.

Faoi bhrú ón bhun aníos, d’fhógair David Cameron go bhfuil sé chun ligint do 20,000 teifeach teach isteach sa Bhreatain agus Sé Chonate thar thréimhse cúig bliana.

Mar chodarsnacht, bhí an Ghearmáin ábalta an méid sin a ligint isteach i seachtain amháin.

Agus mé ag scríobh tá cruinniú éigeandála ag dul ar aghaidh idir airí intíre an Aontais Eorpaigh. Tá siad ag caint faoi ollchampaí nua a thógáil san Afraic agus tíortha eile leis na teifigh a choinneáil amach as an Eoraip.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an AE chun cearta tearmainn a shéanadh ar an iliomad míle duine.

Tugann polasaithe mar seo leithscéal don iompar is táire agus is gránna atá feicthe le seachtainí beaga anuas.

Léirigh na bailiúcháin agus na léirsithe eágsúla ag tacú leis na teifigh an taobh is fearr den chine daonna, ach tá a mhalairt le sonrú chomh maith ar an drochuair.

Chonaic cuid mhaith againn an taifead den cheamaradóir san Ungáir ag ciceáil páistí óga agus ag baint tuisle as a dtuismitheoirí.

Agus anois cluineann muid an ráiméis gur gá dúinn cúram a thabhairt ‘dár gcuid féin’.

Cé hiad ‘ár gcuid féin’ i ndáiríre – Eorpaigh, Éireannaigh, Aontroimigh, Iarthar Bhéal Feirstigh, muintir mo shráide féin?

Más maith leat tacú le daoine gan dídeán nó daoine atá ag cailleadh a sochar leasa shóisialta, is saothar fiúntach sin gan amhras. Ach ná bain úsáid as le cic a thabhairtdo na teifigh agus, déanta na fírinne, le ciníochas a chur faoi cheilt.

Níl ann ach cine amháin i ndeireadh na dála – an cine daonna – agus is ar scáth a chéile a mhaireann muid go léir.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: