Faoi

Fáilte isteach, a chara.

Blag sóisialach Gaelach atá sa bhlag seo, bunaithe ar smaointí Shéamais Uí Chonghaile ar cheist na Gaeilge:

You cannot teach starving men Gaelic; and the treasury of our national literature will and must remain lost forever to the poor wage-slaves who are contented by our system of society to toil from early morning to late at night for a mere starvation wage.

Therefore, I say to our friends of the Gaelic movement – your proper place is in the ranks of the Socialist Republican Party, fighting for the abolition of this accursed social system which grinds us down in such a manner; which debases the character and lowers the ideals of our people to such a fearful degree, that to the majority of our workers the most priceless manuscript of ancient Celtic lore would hold but a secondary place in their esteem beside a rasher of bacon.

The Language Movement (1898)

Agus bunaithe ar smaointí Mháirtín Uí Chadhain chomh maith:

Sé dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina sóisialaigh. Siad lucht labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht an aicme is direoile agus is buailte den mhuintir seo againn in Éirinn. Is mar a chéile agamsa, an aicme sin, pobal na Gaeilge, a shlánú agus an Ghaeilge a shlánú. Ní féidir an slánú seo a dhéanamh ach le Athghabháil na hÉireann – seilbh na hÉireann agus a cuid maoine uilig a thabhairt ar ais do mhuintir na hÉireann. Is ionann mar sin liom an Réabhlóid is gá chun na hAthghabhála sin agus slánaú na Gaeilge. Mar sin gníomh ar bith a bhorrfas le meanmna phobal na Gaeilge is cuid agus cuid thábhachtach den Athghabháil é. […]

Ní hé amháin gur chóir do lucht na Gaeilge a bheith páirteach i gcoga seo Athghabhála na hÉireann – is é an t-aon rud ar fiú a bheith páirteach ann in Éirinn – ach is é ár ndualgas a bheith dhá chinnireacht agus dá threorú. Bíodh an Ghaeilge ag stiúra na réabhlóide, ar an gcaoi seo bíodh an Ghaeilge ar na smaointí is forásaí in Éirinn: is ionann sin agus slánú na Gaeilge. ’Sí an Ghaeilge Athghabháil na hÉireann agus is í Athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge. ’Sí teanga na muintire a shlánós an mhuintir. Mar sin, an áit is tréine an agóid bíodh an póistéara Gaeilge le feiceáil agus an gháir Ghaeilge le cloisteáil. An áit is tréine an dushlán in aghaidh an rachmais, in aghaidh na héagóra, ar son na bhfann agus na mbocht, bíodh fáinne Gaeilge an choirnéil le feiceáil agus leas dá bhaint as anois nár shamhlaigh an Coirnéal ariamh.

Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar Strae (1969)

Beir bua.

3 Responses to Faoi

  1. Arsa Seamus:

    A chara,

    An bhfuil an bunreacht ‘Misneach’ le fáil aon áit an bhfuil fhios agat?

    S.

  2. Arsa Ciarán:

    Níl a fhios agam féin cén áit a bhfaighfeá bunreacht Misneach. Scríobh duine in Ollscoil na Gaillimhe tráchtas MA faoi Misneach cúpla bliain ó shin ach bheadh sin cineál as an bhealach duit. B’fhéidir go mbeadh eolas faoi ag Aindrias Ó Cathasaigh, a scríobh beatháisnéis faoin Chadhnach agus atá i mbun na hirise Red Banner.

  3. Arsa Emer Nic Labhraí:

    Tá mé ag iarraidh fáil amach cén lathanach as a dtáinig an athfhriotal:

    “Is í an Ghaeilge athghabháil na hÉireann agus is í athghabháil na hÉireann an Ghaeilge a shlánú.”

    Tá sé le cur isteach ar leabharlíosta s’agam faoi choinne aiste. An féidir leat cuidiú a thabhairt dom?

    ‘Mise le meas
    Emer Nic Labhraí

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s