‘Dípholaitiú na Gaeilge’ – tá sin iontach polaitiúil

29 Meán an tSamhraidh, 2013

Gaeil óga ag éileamh a gcearta

Ar na mallaibh tharla mé ar thaifead ó chomhdháil eagraithe ag an Community Relations Council ar cheisteanna ionannais agus imris. Mar chuid den chomhdháil seo thug an t-iriseoir Fionola Meredith caint ar chúrsaí Gaeilge.

Anois níl a fhios agam an bhfuil mórán baint ag Fionola le saol na Gaeilge, ach mar liobrálach meánaicmeach níorbh aon ábhair iontais é go raibh sí ag caint ar ché chomh maith a bheadh sé dá dtiocfadh linn an teanga a scarúint ón pholaitíocht.

Chuir sin mé ag smaoineamh ar fhairsinge na hargóinte seo le blianta beaga anuas. Beidh cuimhne ag na seanfhondúirí go raibh ‘dípholaitiú’ na teanga iná ábhar mór sna 1980í, ach le teacht na dispeansáide nua agus an Stormont Nua, tá beocht curtha ar ais ann arís. Dá scarófaí an teanga ón pholaitíocht, a deirtear, bheadh spás ann don teanga sna Sé Chontae Nua.

Má chuireann muid béim ar an dea-chaidreamh thar aon ní eile, bhuel ansin beidh spás ann cinnte dóibh siúd ar mhian leo foghlaim faoi logainmneacha agus sloinnte Gaelacha agus oidhreacht na Gaeilge go ginearálta. Spás siombalach, níl fadhb ar bith leis sin. Ach cad é a chiallódh sin dúinn a bhfuil sé de rún againn an teanga a athbheochan mar theanga labhartha i measc an phobail? Cá háit a mbeidh cairde liobrálacha seo na teanga má thosaíonn muid ag cur éileamh ar an stát?

Tá taithí éigin againn air seo cheana féin. Is minic a dhéantar a mhór de na máithe móra Protastúnacha agus Oráisteacha a bhí páirteach i gConradh na Gaeilge sna luathlaethanta, nuair a bunaíodh an eagraíocht i mBéal Feirste in 1895. Den chuid ba mhó bhí suim acu sa teanga agus sa chultúr mar iarsma de sheanré a bhí imithe. Níor bhac cuid acu leis an teanga a fhoghlaim fiú.

Ach níorbh fhada go raibh an Conradh i mbun feachtasaíochta go náisiúnta chun an teanga a athbheochan. D’eagraigh siad ranganna oíche agus d’éiligh siad ón stát go mbeadh ról ag an Ghaeilge sa chóras oideachais, agus níos mó. De réir a chéile d’imigh na maithe móra leo, agus d’imigh siad i bhfad roimh 1915 nuair a ghlac an Conradh le rún an Phiarsaigh ar an dlúthcheangal idir Éire a Ghaelú agus Éire a shaoradh.

Tá daoine ann a bhfuil suim acu sa Ghaeilge mar ábhar ársaíochta, a chuireann suim sna logainmneacha nó i bhfinscéalta Fhionn Mhic Chumhaill agus araile. Tá díograiseoirí ann a bhfuil an teanga mar chaitheamh aimsire acu, a chaitheann leis an Ghaeilge mar a chaithfeadh duine le bailiú stampaí nó le mionsamhlacha traenach. Is rud é a féidir leo déanamh leo féin nó i ngrúpaí beaga, agus ní chuireann siad isteach ar éinne.

Cothrom na féinne dóibh, ach dúinn ar ghníomhaithe muid, ní mór dúinn dul i ngleic leis an pholaitíocht. Gan trácht ar cheisteanna móra an díchoilíneachais agus athghabháil na hÉireann, níl easpa ábhar ann ar chóir don phobal s’againn bheith dár n-eagrú féin le dul i mbun feachtasaíochta faoi.

Bíodh sin an bus a bhfuil Coláiste Feirste go fóill ag fanacht air ón Roinn Oideachais. Bíodh sin bunú Ghaelscoileanna nua, agus aitheantas agus maoiniú ceart a fháil don earnáil. Bíodh sin an troid in éadan an Phéindlí dheiridh – an cosc ar Ghaeilge sna cúirteanna. Bíodh sin an cosc ag an Roinn Fhiontraíochta ar chomharthaí dhátheangacha i ndeisceart an Dúin. Bíodh sin an gá le fíorfhorbairt ón Roinn Chultúir – acadamh nó straitéis teanga chun go dtiocfadh le saineolaithe sochtheangeolaíochta dul i mbun pleanáil teanga don chéad uair i stair an stáitín seo.

Níl a fhios agam an mbeidh ár gcairde liobrálacha sásta teacht linn ar an turas seo. Ach bealach amháin nó bealach eile, bímis airdeallach ar na gaistí atá os ár gcomhair. Le déanaí d’fhoilsigh an Coiste um Riaradh an Cheartais (CAJ) tuairisc a dhearbhaíonn go bhfuil an stát agus áisíneachtaí éagsúla ag úsáid an dea-chaidrimh mar ghléas le bac a chur ar dul chun cinn na Gaeilge.

Sna 1980í, b’ionann ‘dípholaitiú’ na Gaeilge agus poblachtánaigh a choinneáil amach – rud a bhí iontach polaitiúil ann féin. Inniu, is ionann ‘dípholaitiú’ na Gaeilge agus an teanga a chomhshamhlú isteach i dtionscadal na Sé Chontae Nua – rud atá chomh polaitiúil céanna.

Níl spás don teanga sa tionscadal seo ach mar shiombal. Ná ligimis dóibh dearmad a dhéanamh áfach gur teanga bheo atá sa Ghaeilge go fóill, teanga a bhfuil sé de rún againn a láidriú agus a leathnú. Chun sin a bhaint amach mar phobal, beidh misneach de dhíth orainn.

Advertisements

Dea-chaidrimh mar chonstaic in aghaidh an chomhionannais?

20 Meán an tSamhraidh, 2013

Alt le Feargal Mac Ionnrachtaigh

Attempting to build good relations on the basis of denying the needs, frustrating the rights, and silencing the voices of the poorest is wrong in itself as it is destructive to the goal of building a shared future.” Inez McCormack, Bealtaine 2012

Sna blianta deireanacha s’aicí ar an saol, chaith an gníomhaí cearta daonna iomráiteach, Inez McCormack, a dúthracht leis an tuairim nár éirigh leis an dispeansáid síochána cothrom na féinne a thabhairt dóibh siúd ar an imeall. Ainneoin gur gheall Comhaontú Aoine an Chéasta go ndíreofar acmhainní ar riachtanais oibiachtúla chun dul i ngleic le héagothromas soch-eacnamaíochta, dhoimhnigh an t-imeallú do na pobail is boichte.

Léirigh obair Inez agus an grúpa cearta daonna, PPR(Participation and Practice of Rights) nach raibh áit ar bith ó thuaidh le hidirdhealú níos soiléire ná tuaisceart Bhéal Feirste, ina bhfuil cluas bhodhar tugtha don ghanntanas tithe i measc an phobail Chaitlicigh, atá ag pointe éigeandála faoi láthair.

Dearbhaíodh an tuarimíocht seo i dtuairisc dár teideal ‘Unequal Relations’ a d’fhoilsigh an CAJ (Committee on the Administration of Justice) an tseachtain seo caite, a léirigh go bhfuil an iomarca béime á cur ar ‘dhea-chaidrimh’, chun ‘síocháin a dhaingniú’, beag beann ar an tionchar ar chomhionannas i dtaobh leithéidí de thithíocht phoiblí, infheistíocht agus an Ghaeilge.

Léigh an t-alt iomlán anseo.