Adios, companero

17 Feabhra, 2009
Bob Doyle, 1916-2009

Bob Doyle, 1916-2009

Bhí na céadta daoine, idir phoblachtánaigh, shóisialaithe agus cheardchumannaigh, ar shráideanna Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn chun slán a rá le Bob Doyle agus é ar a thuras deiridh trína bhaile dúchais.

Bhí Bob ina óglach IRA, bhall den Chomhdháil Phoblachtach agus sheansaighdiúir ó na Briogáidí Idirnáisiúnta a throid i gCogadh Cathartha na Spáinne ar son na poblachta agus in éadan fhás an fhaisisteachais sna 1930í.

Foilsíodh leagan Béarla de fhéinbheatháisnéis Bob mar Brigadista: an Irishman’s Fight against Fascism in 2006, ina gcuirtear síos ar bheatha an réibiliúnaigh gan stad. Rugadh Bob 12ú Feabhra 1916 agus fuair sé bás 22ú Eanáir 2009 i Londain, é beagnach 93 bliain d’aois.

Bhí an deis agam féin bualadh le Bob cúpla uair, agus gach uair a labhair sé go poiblí bhí teachtaireacht amháin aige dá lucht éisteachta. Ní fiú bheith ag inbhreathnú faoin am atá thart, a deireadh sé, nó níl fórsaí an fhaisisteachais ná an impiriúlachais cloíte go fóill. La lucha continúa, a chríochnaíodh sé leis, leanann an streachailt ar aghaidh.

Thíos tá físeáin ón imeacht Dé Sathairn, nuair a tugadh luaithreach Bob Doyle ar ais go hÉirinn.

Léigh an chuid eile den alt seo »

Advertisements

Teanga, Pobal agus Polaitíocht

20 Meán an tSamhraidh, 2008

Bhí díospóireacht shuimiúil ar siúl i Mí Márta na bliana seo i gColáiste Feirste i mBéal Feirste ar cheist na Gaeilge agus a stádas i sochaí na hÉireann sa lá atá inniu ann. Fiú más ar mhaithe leis an chartlann amháin atá sé, is fiú fós na físeáin a fheiceáil nó tá mé cinnte go mbeidh na téamaí go fóil an-ábhartha san am atá amach romhainn.

D’eagraigh POBAL an díospóireacht phoiblí seo agus bhí Príomhfheidhmeannach an scátheagrais, Janet Muller, bhí sí ina cathaoirleach ar an imeacht.

Labhair Eoghan Ó Néill, iriseoir agus colúnaí, labhair sé faoi na meáin chumarsáide Ghaeilge agus faoi ról na bpolaiteoirí sa cheist sna sé chondae.

Labhair Féilim Ó hAdhmaill, léachtóir i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus thóg sé na ceisteanna sóisialta agus eacnamaíochta agus cheist an choilíneachais a bhaineann leis an teanga thuaidh agus theas.

Labhair Dónall Mac Giolla Chóill, eagarthóir La Nua, labhair sé faoi stádas na teanga sna sé chondae fichead agus sa Ghaeltacht go háirithe.


Micheál Ó Riordáin ar shlí na fírinne

22 Bealtaine, 2006

Leabhar cuimhneacháin U� R�ordáin
Fuair Micheál Ó Ríordáin, iarcheannaire Pháirtí Chumannach na hÉireann, bás Déardaoin seo caite, é 88 bliain d’aois. Créamadh é Dé Sathairn i Reilg Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath.

Rugadh an Ríordánach i nGaeltacht Chorcáí i 1917. Bhí sé ina óglach sna Briogáidí Idirnáisiúnta a throid ar son na Poblachta i gCogadh Cathartha na Spáinne ó 1936 go 1939. Bhí sé ina bhall d’Óglaigh na hÉireann freisin tráth, agus rinne lucht an tSaorstáit é a imtheorannú i gCampa an Churraigh go gearr i ndiaidh dó filleadh ón Spáinn.

Bhí an seans agam bualadh leis trí uaire i mblianta beaga anuas, agus é ag dul ar fud na tíre ag labhairt faoin troid in éadan na bhfaisisteach. Ba shoiléir dom gur fhear é a chaith a shaol leis an sóisialachas. Bhí sé chomh domhain ann gur ardaigh sé an bhratach dhearg os cionn Teach Uí Chonghaile nuair a baineadh an bhratach chéanna anuas ó Chreimlin na Rúise.

Naisc:
· Mick O’Riordan (12th Nov. 1917 – 18th May 2006) – cnuasach alt ar a bhás
· Connolly Column (Suíomh Choiste Cuimhneacháin na mBriogáidí Idirnáisiúnta)
· Beathaisnéis ghairid ó shuíomh an Pháirtí Chumannaigh


Diúlatíonn aontachtóirí do chuimhneachán an Chonghailigh

07 Aibreán, 2006

Séamus Ó Conghaile
I Halla Cathrach Bhéal Feirste ar na mallaibh bhí rún ag Sinn Féin (le tacaíocht ón SDLP) fuinneog chuimhneacháin a chur san fhoirgneamh do Shéamus Ó Conghaile, duine de cheannródaithe an tsóisialachais in Éirinn.

Iontas na n-iontas, bhí na haontachtóirí in éadan an rúin. Dúirt gealt ón DUP go raibh an rún mar chuid de scéim chomhcheilgeach na bpoblachtóirí le féiniúlacht Bhriotanach na Sé Condae a dhíothú.

Bhí cónaí ar an Chonghaileach insa chathair seo cois cuain ar feadh na mblianta ag tús na fichiú haoise. Agus é ina oifigeach den ITGWU bhí sé ina chónaí ar Bhóthar na bhFál lena theaghlach. D’oibrigh sé go díograiseach ar son lucht oibre na cathrach agus throid sé go dian in aghaidh an tseicteachais.

Bhuel, b’fhéidir nach iontas é nach bhfuil aontachtóirí sásta é a fheiceáil lá i ndiaidh lae. Déanfaidh iarsmaí an impiriúlachais cúis dóibh siúd.