Dúshláin do dhaoirse atáirgthe na mban

Not a Vessel

Caithfidh mná cur in iúl go fóill gur daoine iad, chan soithí

Coicís ó shin d’fhoilsigh an roinn sláinte do Shasana agus an Bhreatain Bheag tuairisc ar na figiúirí ginmhillte don bhliain 2014. I measc na sonraí ar fad tugadh le fios gur thaisteal 4,572 bean ó Éirinn chuig an dlínse sin anuraidh le ginmhilleadh a fháil.

Is ionann sin agus triúr ban déag gach lá atá ag imeacht ó gach uile chontae sa tír seo. Ar ndóigh ní chuireann sin sa áireamh na mná a thugann seoltaí Briotanacha bréaga agus na mná a théann chuig tíortha eile chomh maith.

Shílfeá go mbeadh an cinneadh le ginmhilleadh a fháil deacair go leor do na mná seo, ach mar bharr ar an donas caithfidh siad an baile a fhágáil agus airgead a bhailiú le híoc as taisteal, lóistín agus as an chóireáil féin.

Measann an charthanacht pobail an Abortion Support Network go mbíonn costas £2000 ag dul go rialta leis an chóireáil. Is grúpa deonach iad an ASN a dhéanann iarracht cuidiú a thabhairt le cuid de na costaisí a chlúdach. Ach fós, do chailíní óga agus do mhná ón lucht oibre go ginearálta, is ualach mór é agus bíonn siad báite i bhfiacha.

Fiú do mhná ó na Sé Chontae (ar géillsinigh den ‘Ríocht Aontaithe’ iad) níl siad i dteideal cóireáil a fháil ar an NHS sa Bhreatain. Tá dúshlán á thabhairt don scéal seo faoi láthair, le bean óg agus a máthair os comhair na cúirte achomhairc ag tús na míosa seo ag argóint gur leithcheal atá ann.

Mar gheall ar chúrsaí airgid tá níos mó ban anois ag ordú piollaí EMA (ginmhilleadh cógais luath) ar líne go folaitheach trí eagraíochtaí ar nós Women on Web, a fhaigheann na míltí teachtaireachtaí gach lá ó mhná nach bhfuil ábalta ginmhilleadh sábháilte a rochtain ina dtír féin.

Níl na piollaí féin mídhleathach, ach tá sé mídhleathach iad a úsáid ar mhaithe le ginmhilleadh agus téarma príosúntachta 14 bliain ag dul leis sin.

In 2012 d’fhoilsigh an feachtas Sé-Chontaíoch Alliance for Choice litir oscailte ó 100 duine ag rá go bhfuair siad na piollaí seo agus gur chuidigh siad le daoine iad a fháil, chun dúshlán poiblí a thabhairt don dlí.

An tseachtain seo caite áfach thosaigh cás cúirte in éadan mná as na piollaí a fháil dá hiníon. Cuirtear ina leith gur ‘nimh’ a bhí iontu, ach tá na piollaí – Mifepristone agus Misoprostol – ar an liosta cógas riachtanach ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO).

Mar fhreagra air seo, tá 200 gníomhaí i ndiaidh litir nua a shíniú agus maíonn siad gur chóir iad go léir a chúiseamh mar aon leis an bhean úd.

Bhí cás cúirte eile i mBéal Feirste an tseachtain seo caite agus Comisiún Chearta Daonna na Sé Chontae ag tabhairt faoi athbhreithniú breithiúnach ar an dlí maidir le foirceannadh toirchis.

Tá siad ag lorg athrú sa dlí le go mbeidh foirceannadh ar fáil i gcásanna mínormáltacht fhéatach mharfach nó i gcásanna coireanna gnéis ar nós banéigin agus ciorrú coil.

D’ainneoin moltaí ó eagraíochtaí ar nós an WHO agus Coiste na Náisiún Aontaithe ar Dhíothú Leithcheal in aghaidh na mBan (CEDAW) níl foirceannadh toirchis dleathach ach nuair atá saol na mná faoi bhagairt. Ta príosúntacht saoil mar phionós do dhuine ar bith a dhéanann ginmhilleadh taobh amuigh den limistéar teoranta seo.

Dar leis an Chomisiún mar sin, tá an dlí ag teacht salach ar choimitmintí chearta daonna agus ag sárú chearta daonna na mban.

Tá an dlí céanna i bhfeidhm sna Sé Chontae Fichead agus coicís ó shin d’fhoilsigh Amnesty International an tuairisc She is not a criminal a dhéanann cur síos ar na forbairtí le blianta beaga nuas agus atá lán le cás-staidéir ó mhná ag insint faoin drochthionchar a bhí ag an chosc ar ghinmhilleadh orthu.

I gcás amháin anuraidh coinníodh bean a bhí marbh i dtéarmaí cliniciúla ar thacaíocht beatha de bhrí go raibh sí ceithre mhí torrach, bíodh is nach raibh an féatas inmharthana. Bhí ar theaghlach na mná dul chuig an Ard-Chúirt leis an tacaíocht beatha a mhúchadh. Thacaigh an chúirt leis an teaghlach, ag maíomh go raibh an cás ag baint de dhínit na mná i mbás agus ag goilleadh ar an teaghlach.

Tarlaíonn cásanna mar seo mar gheall ar an Ochtú Leasú ar Bhunreacht na Sé Chonate Fichead a chuireann cearta an fhéatais ar chomhchéim le cearta na mná. Aithnítear go gcuireann seo brú uafásach ar ghairm an leighis ach níos bunúsaí ná sin baineann sé de dhaonnacht na mná.

Agus polasaithe den chineál seo i bhfeidhm níl i mbean ach soitheach, ní duine í a fhad is atá sí ag iompar.

Ach le dúshláin á dtabhairt don dlí ar roinnt frontaí éagsúla is léir go bhfuil níos mó agus níos mó ban ag seasamh an fhóid lena saoirse atáirgthe a bhaint amach.

1 Responses to Dúshláin do dhaoirse atáirgthe na mban

  1. Arsa Tuairisceoir:

    Athbhlagáladh an mhír seo ar An Tuairisceoir.

Freagair Tuairisceoir Cealaigh an freagra