The Irish language under the Orange State

30 Nollaig, 2014
Jame Craig

James Craig (Lord Craigavon) – first Prime Minister of the Orange State

(Aistriúchán Béarla ar an alt thíos, An Ghaeilge faoin Stát Oráisteach)

Of all the faults with the Spotlight programme on the Irish language (of which there were many) there was one major omission that I want to draw attention to, and that is the way the language and the language community were treated under the Orange state.

In 1920 the British government decided to impose partition on Ireland. In the Six Counties, unionist built a one-party state that strove to fortify its connection to Britain and to suppress any Irish characteristic of the territory.

At the time of partition there were still mini-Gaeltachts spread around the state. It was denied that any such language of language community existed, going so far as to remove references to the Irish language from the 1921 census onwards.

This approach was visible in the education system from the first day. The first education minister, Lord Londonderry, made sure that restraints and limits would be placed on the opportunities for Irish to be learnt.

This policy succeeded well and between 1924 and 1927 there was a 50% drop in the number of pupils studying Irish. Every subsequent education minister continued with the policy.

They were clever enough not to place an outright ban on the teaching of Irish as they understood that it would be counter-productive. When a unionist MP criticised the government for having Irish on the curriculum at all, the second education minister (Lord Charlemont) responded:

“Now if you want to make any sort of Irishman do something the surest way is to tell him that it’s forbidden […] all I can say is that forbidding it under pressure will stimulate it to such an extent that the very dogs in Belfast – at any rate, the Falls Road dogs – will bark in Irish.”

When a nationalist MP questioned the Prime Minister, Lord Craigavon, about this policy, he replied:

“What use is it to us here in this progressive, busy part of the Empire to teach our children the Irish language? What use would it be to them? Is it not leading them along a road which has no practical value?”

Outside of the education system it could be seen that there was a deliberate policy to give no recognition to Gaelic culture or to the language. In terms of broadcasting, the BBC’s monopoly in radio and later in television was used for the benefit of the state.

The managers and directors of these stations were members of the Establishment and the BBC’s view was clear from a document of theirs from 1930:

“[The BBC Regional Service] reflects the sentiments of the people who have always maintained unswerving loyalty to British ideals and British culture. Northern Ireland relies on broadcasting to strengthen its common loyalties with Britain.”

There was no coverage of Gaelic games for many years, and the ban on broadcasting in Irish lasted until the 1980s.

In August 1945 the nationalist MP Eddie McAteer spoke a few words of Irish in the Stormont parliament and unionist politicians began shouting “No foreign language here” – including Prime Minister Basil Brooke and the education minister Lieutenant-Colonel Samual Hall-Thompson.

In 1949 Brian Faulkner MP (who would later be Prime Minister) complained that a council in Newry wanted to name streets in Irish, “in a language which is not our language”, and as a result an amendment was made to the Public Health and Local Government Act that banned Irish language streetnames.

In the following years the Public Order Act and the Flags and Emblems (Display) Act were passed, which strengthened the Special Powers Act and denied that there was a space for any bit of Irish culture yet again.

This is only a glance at the ways in which the Orange State treated the Irish language and the Irish language community.

Despite all of the distortions by the BBC, unionist hostility to the language cannot be blamed on republicans ‘politicising’ the language, in 1981 or 1916 or at any other time.

That hostility goes way back. Cathal O’Byrne wrote about the foundation of the Gaelic League in this city in 1895,

“The League was never considered quite ‘respectable’ – that awful Belfast word – by the planters. To be a Gaelic Leaguer was to be a suspect always.”

Before that, in 1892, the British Prime Minister Lord Salisbury was able to proclaim that,

“Ulster Unionism is based on hereditary and irrevocable enmity to everything Irish.”

And in 1875 Samuel Ferguson wrote about Queen’s University,

“All things Celtic are regarded by our educated classes as of questionable ton and an idea exists that it is inexpedient to encourage anything intended to foster Irish sentiment.”

In the 1970s unionist paramilitaries carried out a number of gun and bomb attacks on the Irish language department at the same university.

The more things have changed over the past 100 years, the more they have stayed the same.

An Ghaeilge faoin Stát Oráisteach

24 Nollaig, 2014
Stormont - Teach an Stáit Oráistigh

Stormont – Teach an Stáit Oráistigh

As na lochtanna ar fad a bhí ar chlár Spotlight faoin Ghaeilge (agus is iomaí locht a bhí ann) bhí easnamh mór amháin ann ar mhaith liom aird a dhíriú air, agus is é sin an dóigh ar caitheadh leis an teanga agus a pobal labhartha faoin stát Oráisteach.

In 1920 chinn Rialtas na Breataine ar chríochdheighilt a fhorchur ar Éirinn. Sna Sé Chontae, thóg na haontachtóirí stát aon-pháirtí a rinne dian-iarracht a cheangal leis an Breatain a dhaingniú agus gach gné Éireannach den limistéar a chur faoi chois.

Ag am na críochdheighilte bhí mionGhaeltachtaí go fóill scaipthe ar fud an stáit. Diúltaíodh go raibh a leithéid de theanga agus de phobal teanga ann, ag dul chomh fada le tagairtí don Ghaeilge a stróiceadh ó dhaonáireamh 1921 ar aghaidh.

Bhí an cur chuige seo le sonrú sa chóras oideachais ón chéad lá. Rinne an chéad aire oideachais, an Tiarna Londonderry, rinne sé cinnte go gcuirfí teorainneacha agus lancaisí ar na deiseanna leis an Gaeilge a fhoghlaim.

D’éirigh go maith leis an pholasaí s’aige agus idir 1924 agus 1927 bhí laghdú 50% ar líon na ndaltaí ag dul don Ghaeilge. Lean gach aire oideachais eile leis an pholasaí.

Bhí siad cliste go leor gan cosc iomlán a chur ar theagasc na teanga nó thuig siad go mbeadh sin fritorthúil. Nuair a rinne feisire aontachtach cáineadh ar an rialtas as an Ghaeilge bheith ar an churaclam in aon chor, d’fhreagair an dara aire oideachais (an Tiarna Charlemont) dó:

“Now if you want to make any sort of Irishman do something the surest way is to tell him that it’s forbidden […] all I can say is that forbidding it under pressure will stimulate it to such an extent that the very dogs in Belfast – at any rate, the Falls Road dogs – will bark in Irish.”

Nuair a chuir feisire náisiúnach ceist ar an Phríomh-Aire, an Tiarna Craigavon, faoin pholasaí seo, d’fhreagair sé:

“What use is it to us here in this progressive, busy part of the Empire to teach our children the Irish language? What use would it be to them? Is it not leading them along a road which has no practical value?”

Taobh amuigh den chóras oideachais bhí sé le feiceáil go raibh polasaí beartaithe ann gan aon aitheantas a thabhairt don teanga ná don chultúr Gaelach. Ó thaobh chúrsaí craolacháin de, baineadh úsáid as monaplacht an BBC sa raidió agus ní ba mhóille ar an teilifís chun sochair don stát.

Bhí bainisteoirí agus stiúrthóirí na stáisiún seo ina mball den Bhunaíocht agus bhí intinn an BBC soiléir ó cháipéis dá gcuid ó 1930:

“[The BBC Regional Service] reflects the sentiments of the people who have always maintained unswerving loyalty to British ideals and British culture. Northern Ireland relies on broadcasting to strengthen its common loyalties with Britain.”

Ní dhearnadh tuairisciú ar chluichí Gaelacha ar feadh i bhfad, agus mhair cosc ar chraoladh i nGaeilge go dtí na 1980í.

I mí Lúnasa 1945 labhair an feisire náisiúnach Eddie McAteer cúpla focal Gaeilge sa pharlaimint agus thosaigh polaiteoirí aontachtacha ag scairteadh “No foreign language here ” – an Príomh-Aire Basil Brooke agus an t-aire oideachais An Leifteanant-Choirnéal Samuel Hall-Thompson ina measc.

In 1949 rinne an feisire Brian Faulkner (a bheadh ina Phríomh-Aire níos moille) gearán sa Pharlaimint go raibh comhairle in Iúr Cinn Trá ag iarraidh sráideanna a ainmniú i nGaeilge, “in a language which is not our language”, agus as a shiocair cuireadh leasú leis an Acht um Shláinte Phoiblí agus Rialtas Áitiúil a chuir cosc iomlán ar shráidainmneacha Gaeilge.

Sna blianta beaga ina dhiaidh ritheadh an tAcht um Ord Poiblí agus an tAcht um (Thaispeáint) Bhratacha agus Suaitheantais, a neartaigh an tAcht um Chumhachtaí Speisialta agus a shéan go raibh spás ann d’aon chuid de chultúr na hÉireann arís eile.

Níl anseo ach sracfhéachaint ar na bealaí a chaith an Stát Oráisteach leis an Ghaeilge agus le pobal na Gaeilge.

D’ainneoin na bhfiarthaí ar fad a rinne an BBC ar an scéal, ní féidir an milleán as naimhdeas aontachtach don teanga a chur ar phoblachtóirí a rinne ‘polaitiú’ ar an teanga, in 1981 nó 1916 nó pé am eile.

Téann an naimhdeas i bhfad siar. Scríobh Cathal O’Byrne faoi bhunú Chonradh na Gaeilge sa chathair seo in 1895,

“The League was never considered quite ‘respectable’ – that awful Belfast word – by the planters. To be a Gaelic Leaguer was to be a suspect always.”

Roimhe sin, in 1892, bhí Príomh-Aire na Breataine, an Tiarna Salisbury, bhí seisean in ann maíomh,

“Ulster Unionism is based on hereditary and irrevocable enmity to everything Irish.”

Agus in 1875 scríobh Samuel Ferguson faoi Ollscoil na Banríona,

“All things Celtic are regarded by our educated classes as of questionable ton and an idea exists that it is inexpedient to encourage anything intended to foster Irish sentiment.”

Sna 1970í rinne paraimíleataigh aontachtacha roinnt ionsaithe gunna agus buamála ar Roinn na Gaeilge san Ollscoil chéanna.

Dá mhéad a d’athraigh cúrsáí le céad bliain anuas, is amhlaidh is beag a d’athraigh siad.

Fadhb amháin le Spotlight aréir

17 Nollaig, 2014


Cás na ‘muc guine’ le hardú arís

11 Nollaig, 2014
Hooded Men

Na ‘Hooded Men’ a mhaireann


Caithfear fáilte a chur roimh chinneadh rialtas na Sé Chontae Fichead cás ‘fhir na gcochall’ a thabhairt os comhair na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine arís.

I bhfómhar 1971, cuireadh imtheorannú gan triail i bhfeidhm sna Sé Chontae. Thug arm na Breataine ‘Operation Demetrius’ ar chéad laethanta an chórais seo, nuair a thóg siad 342 náisiúnach ar 9ú agus 10ú Lúnasa na bliana sin.

Taobh le Demetrius bhí ‘Operation Calaba’ ann chomh maith. Faoin obráid seo roghnaíodh grúpa beag de cheathrar fear déag – fir a bhí le bheith ina muca guine agus seirbhísí faisnéise na Breataine ag baint triail as na Cúig Theicníc orthu.

Séard atá sna cúig theicníc ná díth bia agus dí; díth codlata; cochallú; torann bán; agus pointe struis ina cuirtear daoine ina seasamh in éadan balla le géaga sínte.

I dtaca leis an chochallú de, rinneadh bagairt ar chuid de na fir go raibh siad le bheith caite amach as ingearán. I roinnt cásanna rinneadh amhlaidh agus an t-ingearán díreach cúpla troigh os cionn na talún.

Tuigtear go rí-mhaith go bhfuil tionchar uafásach aigneolaíoch ag díth chéadfach den chineál seo.

Ag deireadh 1971 thóg rialtas na Sé Chontae Fichead cás thar ceann na bhfear in éadan na Breataine ag an Choimisiún Eorpach um Chearta an Duine.

Ba é seo an chéad uair a thóg stát amháin cás in éadan stát eile ag an Choimisiún.

Se deireadh mhaígh an Coimisiún gurbh ionann na cúig theicníc agus céasadh. Rinne rialtas na Breataine achomharc ar an chinneadh agus in 1978 ghlac an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine leis nach céasadh a bhí ann, ach gur íde mhídhaonna agus tháireach a bhí ann.

Tá fianaise taghta chun solais anois go ndearna rialtas na Breataine iarracht an Chúirt a chur amú, agus sin an fáth anois go bhfuil brú ann an cinneadh a rinne an Chúirt in 1978 a aisiompú.

In 1972 d’fhógair príomhaire na Breataine Edward Heath nach n-úsaidfidís na cúig theicníc mar áis cheastóireachta as sin amach. In 1977 d’fhógair Ard-Aighne na Breataine Sam Silkin an rud céanna os comhair na Cúirte Eorpaí.

Bhí siad ag iarraidh an dubh a chur ina gheal ar an phobal.

Rinne rialtas na Breataine faoi Heath cinneadh rúnda leis na cúig theicníc a choinneáil ar an ábhar gur uirlis áisiúil faisnéise a bhí iontu dar leo.

Bhí impleachtaí ní ba fhorleithne aige seo agus ag an rialú na Cúirte nach céasadh a bhí ann. Ní amháin gur lean an Bhreatain ar aghaidh ag úsáid na dteicnící ach theagasc said iad dá gcomhghleacaithe idirnáisiúnta freisin.

Níos déanaí, in 2002 bhí na Stáit Aontaithe ag lorg bealaí le “teicnící treisithe ceastóireachta” a fhorbairt. De bhrí nárbh ionann na cúig teicníc agus céasadh faoi rialú na Cúirte Eorpaí, glacadh leis go raibh na teicnící úd ceart dlíthiúil go leor le húsáid ar na himeorannaithe i gCuan Guantanamo.

In 2011, tharla fiosrúchán poiblí ar bhás Baha Mousa ón Iaráic in 2003 agus é faoi choiméad ag arm na Breataine. Tháinig sé amach le linn an fiosrúcháin go raibh na teicnící fós in úsáid acu.

Má aithníonn an Chúirt Eoprach um Chearta an Duine amach anseo gur céasadh atá sna cúig teicníc, agus ba chóir dóibh, ní hionann sin is a rá go gcuirfear deireadh leis an droch-íde bhrúidiúil seo.

GuineapigsCiallóidh sé áfach go mbeidh sé níos deacra ag rialtais a leithéid de iompar a chosaint. Ciallóidh sé go mbeidh uirlis ag an chosmhuintir – bíodh siad i mBéal Feirste nó i mBasra – le cinntiú nach bhfuil na mórchumhachtaí impiriúlacha ábalta caitheamh leo gan baol pionóis.

Ba mhaith liom críochnú le friotal ó leabhar John McGuffin, Guineapigs, ón Dochtúir Alexander Esenin-Volpin:

“Torture is an international menace. Though it may originate in a distant place, if we shut our eyes to it, it may spread and affect us. To know that torture exists somewhere and to remain silent is to encourage the torturers.”


Anachain an dúghalair inár bpobail

23 Deireadh Fómhair, 2014
Feachtasaíocht ar an tionscnamh 'Choose Well'

Feachtasaíocht ar an tionscnamh ‘Choose Well’

Mar chuid de cheilúradh daichead bliain den chumann, beidh an CLG áitiúil Gort na Móna ag eagraú léiriú den dráma Man in the Moon ar an 1ú Samhain.

Tá ardmholadh faighte ag an dráma seo de chuid an chompántais dhrámaíochta áitiúil Brassneck as aghaidh a thabhairt ar an dúlagar (nó an dúghalar) agus ar an fhéinmharú.

Is ceisteanna móra iad seo inár bpobail le tamall de bhlianta anuas.

Roinnt míonna ó shin foilsíodh tuairisc a léirigh gur chuir beagnach an méid céanna daoine lámh ina mbás féin sna Sé Chontae ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta in 1998 agus a fuair bás de bharr na coimhlinte sa tríocha bliain roimhe sin.

3,288 duine idir 1998 agus 2012, an bhliain is déanaí a bhfuil na figiúirí ar fáil di.

Tharla 289 acu in iarthar Bhéal Feirste agus 305 acu i dtuaisceart na cathrach. Is ionann sin agus 40 duine ar an mheán gach uile bhliain sa dá thoghcheantar seo.

Deir an roinn sláinte go mbíonn níos lú ná trian d’íobartaigh féinmharaithe i dteagmháil le seirbhísí sláinte reachtúla sa bhliain roimh an ghníomh.

Is léir mar sin go bhfuil fadhb mhór rochtana ann maidir leis na seirbhísí seo.

Chuir an grúpa feachtasaíochta um chearta meabhairshláinte tús le feachtas nua ar na mallaibh dírithe ar an bhord sláinte agus cúram sóisialta (HSC).

Tá tionscnamh ag an HSC faoin teideal ‘Choose Well’ a thugann eolas agus comhairle do dhaoine ar na seirbhísí agus ar an chuidiú atá ar fáil dóibh, ach go dtí seo níor cuireadh cúrsaí meabhairshláinte san áireamh.

Bíonn an grúpa feachtasaíochta ag obair i gcomhar leis an tionscadal um pháirteachas agus chleachtas cearta (PPR). Thosaigh an grúpa ag feidhmiú i mBéal Feirste in 2007 ach tá sé anois spréite amach ar fud na sé chontae.

Ón chéad lá chonacthas don ghrúpa go raibh easpa feasachta ann faoi na hacmhainní atá ar fáil maidir le cúrsaí meabhairshláinte.

I gceantair atá díothach ó thaobh cúrsaí socheacnamaíochta de, ar nós tuaisceart agus iarthar Bhéal Feirste, brathann daoine ar aonaid timpistí agus éigeandála do chúram sláinte níos mó ná daoine i gceantair níos saibhre.

Tá a fhios againn go léir go bhfuil na rannóga seo inár n-otharlanna faoi bhrú millteanach. Mar sin ní nach ionadh go raibh fadhbanna ann i dtaca le cúram meabhairshláinte nuair a rinne an feachtas um chearta meabhairshláinte staidéar ar an taithí a bhí ag daoine agus a gcúramóirí.

Tá buanna beaga bainte amach ag an ghrúpa áfach, ‘Card Before You Leave’ mar shampla. Mar gheall ar imní go raibh daoine faoin bhráca ag fágáil A&E gan aon tacaíocht, seoladh scéim a chinntíonn go dtugtar cárta dóibh le sonraí dá gcéad choinne eile.

Bua beag ach meastar go bhfuil sé ag déanamh difear cheana féin.

Ar ndóigh tá líon mór carthanachtaí amuigh ansin a dhéanann sárobair le feasacht a ardú ar chúrsaí dúlagair agus féinmharaithe ach tá dualgas ar an stát amhlaidh a dhéanamh agus dualgas orthu chomh maith cinntiú go bhfaigheann daoine an cuidiú cuí nuair atá sé de dhíth.

Is iomaí bealach ar féidir leis an dúlagar dul i bhfeidhm ar dhaoine agus tá éagsúlacht mhór sa déine ag brath ar an duine.

Thig leis a bheith oidhreachtúil, nó thig le athrú na séasúr tionchar a imirt ar dhaoine. Tá bagairt do mhná nuair atá siad ag iompar agus sa tréimhse iarbhreithe freisin.

Tuigtear chomh maith go bhfuil tionchar go fóill ag an choimhlint ar shláinte an phobail sna Sé Chontae ar neart bealaí, i gceantair lucht oibre ach go háirithe.

I ndeireadh na dála is tinneas ciúin agus dofheicthe é an dúlagar. An rud is tábhachtaí ná go mbíonn na hacmhainní agus an t-eolas ar fáil do dhaoine le haithint cad é atá cearr agus na céimeanna le glacadh ina dhiaidh sin, go háirithe do dhaoine le hidéú féinmharaithe.

Tá tuilleadh eolais faoin fheachtas um chearta meabhairshláinte ar fáil ar shuíomh an PPR,

Buanna don phobal i gcogadh na n-acmhainní

22 Lúnasa, 2014
Páistí i mBéal Cú

Páistí i mBéal Cú

Bhí roinnt buanna móra ag pobail áitiúla sa troid in éadan úscadh breoslaí iontaise le seachtainí beaga anuas.

Ar an scéal ba mhó is dócha bhí an bac a chuir aire timpeallachta Stormont, Mark H Durkan, ar phleananna an chomhlachta Tamboran i bhFear Manach.

Bhí Tamboran ag iarraidh seanchairéal i mBéal Cú a úsáid chun poll a dhrilleáil 750 méadar síos sa tóir ar dheascáin gháis sula dtosóidís ar phróiseas an scoilte hiodrálaigh leis an ghás a bhaint amach as an talamh.

Sa phróiseas, cuirtear meascán de uisce, gaineamh agus ceimicí éagsúla síos tollpholl faoi bhrú iontach chun scoilteanna a chruthú i bhfoirmíochtaí carraige go domhain faoi thalamh. De réir a chéile scaoiltear gás saor ón charraig agus déanann sé a bhealach suas an poll arís.

Is é ‘fracking’ an t-ainm is mó aithne ar an scoilteadh hiodrálach, modh úsctha gáis atá thar a bheith conspóideach. Bíodh is go bhfuil moratóir air sa Ghearmáin tá an tír sin ag bogadh i dtreo cosc iomlán a chur ar an phróiseas.

Tá tíortha eile ag déanamh amhlaidh chomh maith. Is é an fhírinne lom taobh thiar de seo ná go bhfuil réamhaisnéis beaganch dodhéanta ar na contúirtí don timpeallacht agus don sláinte a bhaineann leis an phróiseas, agus mar sin ní féidir smacht ceart a chur orthu.

Ón chéad lá a tháinig lucht Tamboran ar an suíomh, bhunaigh an pobal áitiúil i mBéal Cú campa agus faire ag geataí an chairéil (‘Geataí Ifrinn’ a thug siad air) agus bhí daoine ann i rith ama ó dhubh go dubh ar feadh trí seachtaine, go ndearna Durkan a chinneadh.

Ní bua iomlán atá ann áfach. Deir Durkan gur gá do Tamboran ceadúnas pleanála iomlán a fháil agus gur gá dóibh measúnacht tionchair timpeallachta a chur le chéile chomh maith.

Aitheantas atá ann go bhfuil contúirtí ag dul leis an tionscadal seo, ach cé go gcuireann sé moill ar clár Tamboran ní chuireann sé stop iomlán leis.

I mí Aibreán 2011 bronnadh conradh trí bliana ar Tamboran leis an druileáil taiscéalaíoch a dhéanamh. I mí Aibreán na bliana seo thug Arlene Foster, aire fiontraíochta Stormont, thug sí síniú sé mhí do Tamboran leis an obair seo a dhéanamh.

Tá sé soiléir anois nach mbeidh sin déanta sula gcríochnaíonn an conradh atá ag Tamboran. Fágtar an cheist an mbeidh Foster sásta síniú ama i ndiaidh síniú ama a thabhairt go lá Sheoin Dic. Beidh le feiceáil.

Níos faide siar sa tír tugadh buille mór do Shell le déanaí nuair a rinne lucht eagraithe Fhleadh Cheoil na hÉireann cinneadh urraíocht an ollchomhlachta don imeacht a thabhairt ar ais dóibh.

I mbliana tá an Fleadh Cheoil ag tarlú i Sligeach, an contae béal dorais le Maigh Eo, áit a bhfuil cath fíochmhar idir an pobal áitiúil i Ros Dumhach agus tionscadal gáis na Coiribe, a bhfuil Shell mar an phríomhpháirtí ann.

Bíodh is nach bhfuil an choimhlint seo sna meáin na laethanta seo, leanann sí ar aghaidh go fóill.

Ní ó fheachtasóirí Shell chun Sáile amháin ach ó cheoltóirí a bhíonn páirteach san Fhleadh a tháinig an brú ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann chun airgead salach Shell a thabhairt ar ais.

Is bua iontach é seo in éadan pholasaí an ‘daonchairdis straitéisigh’.

Is é sin ainm amháin ar an bhealach a dhéanann comhlachtaí móra – go háirithe comhlachtaí a bhfuil drochchlú orthu – iarracht dea-phoiblíocht a chruthú dóibh féin trí airgead a chaitheamh i dtreo imeachtaí cultúrtha agus teaghlaigh, agus i dtíortha éagsúla trí bhóthair agus fhoirgnimh scoile srl. a thógáil.

Pinginí atá i gceist do na comhlachtaí seo ar ndóigh ach oibríonn na hionsaithe caidrimh phoiblí go han-mhaith dóibh. Ar an drochuair is iomaí grúpa in Éirinn agus ar fud na cruinne a ghlac airgead ó Shell agus ó chomhlachtaí cosúil leo.

Sin an fáth go raibh an cinneadh maidir leis an Fhleadh Cheoil in bhua mór in éadan Shell – cúltoradh iomlán a bhí ann daofa.

Tugann céimeanna beaga chun cinn mar seo spreagadh do phobail le cinntiú nach bhfuil corporáidí trasnáisiúnta ábalta satailt orthu sa tóir ar bhrabús. Go n-éirí leo sa deireadh.

An bhfaighidh muintir na Palaistíne faoiseamh go deo?

24 Deireadh an tSamhraidh, 2014


Bhrúigh mé an doras
oiread a ligfeadh solas cheann an staighre
orthu isteach:

na héadaí lapa caite díobh acu
iad ina luí sceabhach
mar a thiteadar:

a gúna oíche caite aníos thar a mása
fuil ar a brístín lása,
as scailp i gcúl a cinn

a hinchinn sicín ag aiseag ar an bpiliúr,
putóg as úscadh as a bholgsan
mar fheamainn ar charraig,

ae ar bhraillín,
leathlámh fhuilthéachta in airde.
Ó mo bheirt Phailistíneach ag lobhadh sa teas lárnach.

Chum an file Corcaíoch Michael Davitt an dán thuas breis agus tríocha bliain ó shin, nuair a bhí ár eile ag titim amach ar phobal na Palaistíne.

Nach gruama é go bhfuil sé chomh ábhartha inniu agus a bhí sé in 1982.

Agus mé ag scríobh (tráthnóna Dé Domhnaigh), tá níos mó ná 400 Palaistíneach básaithe in ionsaithe Iosrael le coicís anuas, in ionsaithe ón aer, ó mhuir agus ar an talamh.

D’ainneoin na reitrice ó Iosrael faoi ‘bhuillí mionchruinne’ agus a leithéid, ba shibhialtaigh iad ar a laghad triúr as gach ceathrar atá marbh – agus beagnach céad acu ina bpáistí.

Is léir go méadóidh na huimhreacha seo de réir mar a leanann ionsaí Iosrael ar aghaidh. Tá Stráice Ghasá ar na háiteanna is dlúithe daonra ar domhan, le 1.8 milliún duine brúite isteach ann.

Samhlaigh sin. Sin daonra iomlán na Sé Chontae ag maireachtáil taobh istigh de limistéar atá giota beag níos lú ná leathinis na hArda.

Go luath san ionradh chaitheadh arm Iosrael teachtaireachtaí anuas ag tabhairt rabhadh deich mbomaite do dhaoine a dtithe a thréigean sula dtosóidís ag caitheamh buamaí anuas orthu.

Níl aon áit acu le dul faraor. Is ollchampa géibhinn é Gasá, faoi léigear ag Iosrael ó bhí 2006 ann. Tá smacht iomlán ag Iosrael ar gach bealach isteach agus amach, agus cabhlach s’acu ar patról ar an Mheánmhuir.

Tá smacht iomlán ag Iosrael ar theorainn Stráice Ghasá mar atá ar theorainn an Bhruach Thiar. Tá smacht acu chomh maith ar an soláthar uisce, cumhachta, agus níos mó.

Mar gheall ar an imshuí, tá ganntanas mór ábhar sa Stráice, ábhar leighis ach go háirithe.

Tá géarchéim dhaonnúil ag titim amach i nGasá, agus leis na mílte gortaithe ag an ionradh is déanaí seo agus le timpeall 60,000 teifeach gafa taobh istigh den limistéar tá an ghéarchéim sin ag dul in olcas go tobann.

Deir lucht rialaithe Iosrael agus a gcairde go hidirnáisiúnta go bhfuil ceart ag Iosrael iad féin a chosaint. Is é an fhírinne lom áfach ná gur fórsa forghabhála é Iosrael, mar sin níl ceart ar bith acu ‘cosaint’ a thabhairt ar aon ghníomhaíocht leo.

Tá an ceart ag muintir na Palaistíne áfach an fód a sheasamh in aghaidh na forghabhála. Sin rud a aithnítear faoi dhlí idirnáisiúnta.

Má tá na Palaistínigh chun faoiseamh éigin a fháil, an chéad rud le déanamh ná an léigear ar Ghasá a bhriseadh.

Ní thig leo brath ar na maithe móra. Níl in Iosrael i ndáiríre ach fostát do chumhachtaí impiriúlacha an Iarthair san Domhan Arabach agus mar sin tacaóidh rialtais SAM agus na Breataine leo.

Ní mór do chosmhuintir na cruinne seasamh le pobal na Palaistíne mar sin.

Tá bealaí ann ar ndóigh. Ar an chéad dul síos tá an baghcat ann, rud a bhí ina ghléas tábhachtach sa troid in éadan cinedheighilt san Afraic Theas. Seo rud a bhfuil ag Iosrael ag éirí an-imníoch faoi le tamall beag anuas chomh maith.

An rud is fusa le déanamh ná féachaint ar bharrachód ábhair. Tosaíonn an barrachód ar earraí Iosrael le 729 – coinnigh súil amach do phrátaí, roinnt torthaí agus glasraí eile, luibheanna, cosmaidí agus bláthanna áirithe.

Tá carthanachtaí ann atá ag obair go tréan ar an talamh – leithéidí Medical Aid for Palestine – a dhíríonn ar fhóirithint anachaine ar fhulaingt na ndaoine a mhaolú. Is fiú go mór deonúchán a thabhairt dóibh más féidir.

San fhadtéarma áfach, caithfear stát Iosrael a aonrú – díreach mar a rinneadh leis an Afraic Theas faoin chóras chindheighilte.

Tá eagraíochtaí ann ar nós Fheachtas Dlúthpháirtíochta na hÉireann leis an Phalaistín (IPSC) atá gníomhach ar chúrsaí feasachta agus ag iarraidh brú a chur ar pholaiteoirí smachtbhannaí a thabhairt isteach ag leibheál náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Tá an deis againn taispeáint go seasann muid in aghaidh chos ar bholg na bPalaistíneach. Tapaimis an deis sin.