An Ghaeilge faoin Stát Oráisteach

Stormont - Teach an Stáit Oráistigh

Stormont – Teach an Stáit Oráistigh

As na lochtanna ar fad a bhí ar chlár Spotlight faoin Ghaeilge (agus is iomaí locht a bhí ann) bhí easnamh mór amháin ann ar mhaith liom aird a dhíriú air, agus is é sin an dóigh ar caitheadh leis an teanga agus a pobal labhartha faoin stát Oráisteach.

In 1920 chinn Rialtas na Breataine ar chríochdheighilt a fhorchur ar Éirinn. Sna Sé Chontae, thóg na haontachtóirí stát aon-pháirtí a rinne dian-iarracht a cheangal leis an Breatain a dhaingniú agus gach gné Éireannach den limistéar a chur faoi chois.

Ag am na críochdheighilte bhí mionGhaeltachtaí go fóill scaipthe ar fud an stáit. Diúltaíodh go raibh a leithéid de theanga agus de phobal teanga ann, ag dul chomh fada le tagairtí don Ghaeilge a stróiceadh ó dhaonáireamh 1921 ar aghaidh.

Bhí an cur chuige seo le sonrú sa chóras oideachais ón chéad lá. Rinne an chéad aire oideachais, an Tiarna Londonderry, rinne sé cinnte go gcuirfí teorainneacha agus lancaisí ar na deiseanna leis an Gaeilge a fhoghlaim.

D’éirigh go maith leis an pholasaí s’aige agus idir 1924 agus 1927 bhí laghdú 50% ar líon na ndaltaí ag dul don Ghaeilge. Lean gach aire oideachais eile leis an pholasaí.

Bhí siad cliste go leor gan cosc iomlán a chur ar theagasc na teanga nó thuig siad go mbeadh sin fritorthúil. Nuair a rinne feisire aontachtach cáineadh ar an rialtas as an Ghaeilge bheith ar an churaclam in aon chor, d’fhreagair an dara aire oideachais (an Tiarna Charlemont) dó:

“Now if you want to make any sort of Irishman do something the surest way is to tell him that it’s forbidden […] all I can say is that forbidding it under pressure will stimulate it to such an extent that the very dogs in Belfast – at any rate, the Falls Road dogs – will bark in Irish.”

Nuair a chuir feisire náisiúnach ceist ar an Phríomh-Aire, an Tiarna Craigavon, faoin pholasaí seo, d’fhreagair sé:

“What use is it to us here in this progressive, busy part of the Empire to teach our children the Irish language? What use would it be to them? Is it not leading them along a road which has no practical value?”

Taobh amuigh den chóras oideachais bhí sé le feiceáil go raibh polasaí beartaithe ann gan aon aitheantas a thabhairt don teanga ná don chultúr Gaelach. Ó thaobh chúrsaí craolacháin de, baineadh úsáid as monaplacht an BBC sa raidió agus ní ba mhóille ar an teilifís chun sochair don stát.

Bhí bainisteoirí agus stiúrthóirí na stáisiún seo ina mball den Bhunaíocht agus bhí intinn an BBC soiléir ó cháipéis dá gcuid ó 1930:

“[The BBC Regional Service] reflects the sentiments of the people who have always maintained unswerving loyalty to British ideals and British culture. Northern Ireland relies on broadcasting to strengthen its common loyalties with Britain.”

Ní dhearnadh tuairisciú ar chluichí Gaelacha ar feadh i bhfad, agus mhair cosc ar chraoladh i nGaeilge go dtí na 1980í.

I mí Lúnasa 1945 labhair an feisire náisiúnach Eddie McAteer cúpla focal Gaeilge sa pharlaimint agus thosaigh polaiteoirí aontachtacha ag scairteadh “No foreign language here ” – an Príomh-Aire Basil Brooke agus an t-aire oideachais An Leifteanant-Choirnéal Samuel Hall-Thompson ina measc.

In 1949 rinne an feisire Brian Faulkner (a bheadh ina Phríomh-Aire níos moille) gearán sa Pharlaimint go raibh comhairle in Iúr Cinn Trá ag iarraidh sráideanna a ainmniú i nGaeilge, “in a language which is not our language”, agus as a shiocair cuireadh leasú leis an Acht um Shláinte Phoiblí agus Rialtas Áitiúil a chuir cosc iomlán ar shráidainmneacha Gaeilge.

Sna blianta beaga ina dhiaidh ritheadh an tAcht um Ord Poiblí agus an tAcht um (Thaispeáint) Bhratacha agus Suaitheantais, a neartaigh an tAcht um Chumhachtaí Speisialta agus a shéan go raibh spás ann d’aon chuid de chultúr na hÉireann arís eile.

Níl anseo ach sracfhéachaint ar na bealaí a chaith an Stát Oráisteach leis an Ghaeilge agus le pobal na Gaeilge.

D’ainneoin na bhfiarthaí ar fad a rinne an BBC ar an scéal, ní féidir an milleán as naimhdeas aontachtach don teanga a chur ar phoblachtóirí a rinne ‘polaitiú’ ar an teanga, in 1981 nó 1916 nó pé am eile.

Téann an naimhdeas i bhfad siar. Scríobh Cathal O’Byrne faoi bhunú Chonradh na Gaeilge sa chathair seo in 1895,

“The League was never considered quite ‘respectable’ – that awful Belfast word – by the planters. To be a Gaelic Leaguer was to be a suspect always.”

Roimhe sin, in 1892, bhí Príomh-Aire na Breataine, an Tiarna Salisbury, bhí seisean in ann maíomh,

“Ulster Unionism is based on hereditary and irrevocable enmity to everything Irish.”

Agus in 1875 scríobh Samuel Ferguson faoi Ollscoil na Banríona,

“All things Celtic are regarded by our educated classes as of questionable ton and an idea exists that it is inexpedient to encourage anything intended to foster Irish sentiment.”

Sna 1970í rinne paraimíleataigh aontachtacha roinnt ionsaithe gunna agus buamála ar Roinn na Gaeilge san Ollscoil chéanna.

Dá mhéad a d’athraigh cúrsáí le céad bliain anuas, is amhlaidh is beag a d’athraigh siad.

Advertisements

2 Fhreagra ar An Ghaeilge faoin Stát Oráisteach

  1. Arsa Tuairisceoir:

    Athbhlagáladh an mhír seo ar An Tuairisceoir.

  2. […] (Aistriúchán Béarla ar an alt thíos, An Ghaeilge faoin Stát Oráisteach) […]

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: