Jim Gralton – an tÉireannach ‘eachtrannach’

Barry Ward mar Jim Gralton ag an Pearse-Connolly Hall sa scannán Jimmy's Hall

Barry Ward mar Jim Gralton ag an Pearse-Connolly Hall sa scannán Jimmy’s Hall

Insíonn scannán nua Ken Loach, Jimmy’s Hall, scéal Jim Gralton as Ifreannach i gContae Liatroma, ar dhíbrigh rialtas an tSaorstáit as an tír é in 1933.

Rugadh Gralton in 1886. Agus é 14 bliain d’aois chuaigh sé go Baile Átha Cliath agus chuaigh sé isteach in arm na Breataine.

Níor mhair sé ró-fhada ansin áfach, nó gearradh pionós air nuair a dhiúltaigh sé snas a chur ar bhutaisí na n-oifigeach. Cuireadh faoi ghlas é nuair a chuir sé in éadan pholasaithe na Breataine in Éirinn.

Thréig sé an t-arm agus chaith sé tamall ag obair mar mhianadóir sa Bhreatain Bheag agus ar na duganna i Learpholl Shasana. Fuair sé post ar long agus d’imigh sé ansin go Nua Eabhrac, áit a chaith sé roinnt mhaith blianta ag obair.

Chaith sé tamall i gCabhlach na Stát Aontaithe agus bronnadh saoránacht Mheiriceánach air.

Ba sna blianta seo a chuaigh cúis an lucht oibre ina chroí, agus bhí sé ag léamh saothar Karl Marx agus Séamus Uí Chonghaile i rith ama. I ndiaidh éirí amach 1916 bhí sé lárnach i mbunú Chumainn Sheámuis Uí Chonghaile agus bhain sé úsáid as le tacaíocht agus airgead a bhailiú do fhórsaí na Poblachta nuair a bhí Cogadh na nDúchrónach faoi lán seoil.

Chinn sé ar teacht abhaile agus tháinig sé ar ais go hÉirinn i mí Meithimh 1921, díreach sular fógraíodh an sos cogaidh.

Bhí an t-aon halla pobail sa cheantar dóite ag na Dúchrónaigh, agus chinn sé féin foirgneamh nua a thógáil ar a thalamh féin. Thóg sé féin agus slua de mhuintir na háite an Pearse-Connolly Hall.

Bhain a pobal an-tairbhe as an Halla, é in úsáid acu do ranganna ceoil agus Gaeilge, rincí, léachtanna ar eolaíocht na talmhaíochta agus níos mó. Bhí éisteachtaí ag Cúirt na Dála ann chomh maith agus an ceantar lán le conspóidí talún.

Ní raibh an Eaglais Chaitliceach ná fórsaí an tSaorstáit ró-thugtha le hobair Gralton. Tugadh ‘ain-Chríost’ air i seanmóirí agus i mí Bealtaine 1922, mí roimh thús an Chogaidh Chathartha, rinne arm an tSaorstáit ruagair ar an Halla chun Gralton a ghabháil.

D’éalaigh sé agus chuaigh chuig na Stáit Aontaithe arís. Chaith sé deich mbliana ann, ach nuair a fuair a dheartháir Charlie bás in 1932 tháinig sé abhaile le cúram a thabhairt dá thuismitheoirí agus aird a thabhairt don fheirm.

Ag an am seo bhí Fianna Fáil i ndiaidh teacht i gcumhacht don chéad uair agus bhí cimí poblachtachta á scaoileadh saor ó phríosún. Chreid Gralton nach mbeadh an rialtas nua seo chomh smachtúil leis an cheann a chuaigh roimhe.

D’athoscail sé an Pearse-Connolly Hall agus níorbh fhada go raibh sé lán le ranganna agus rincí arís.

Bhí Gralton gníomhach go polaitiúil, go háirithe ag tacú le teaghlaigh a díshealbhaíodh óna dtithe i mblianta seo na dTríochaidí Ocracha.

Mar gheall air seo tharraing sé aird na hEaglaise arís agus thosaigh siad feachtas ina éadan. Rinneadh ionsaithe ar an Halla nuair a bhí imeachtaí ar siúl, agus ar Oíche Nollag 1932 dódh an foirgneamh go talamh.

I mí Feabhra 1933 d’ordaigh rialtas Fhianna Fáil go ndíbreofaí Gralton as an tír, ag maíomh gur eachtrannach a bhí ann mar gheall ar a shaoránacht Mheiriceánach.

Chuaigh Gralton ar a theitheadh ar feadh sé mhí, ag éileamh triail chothrom, ach rugadh air faoi dheireadh agus cuireadh ar long go Nua Eabhrac é, áit a bhfuair sé bás ar 29 Nollaig 1945.

D’ainneoin na cumhachta a bhí ag an Eaglais Chaitliceach, agus Scanradh Dearg ar siúl a chuir dlús leis an chumhacht sin, ní raibh Gralton riamh idir chomhairlí maidir leis an fhód a sheasamh ar son na cosmhuintire ba chuma cé na máistrí ná tiarnaí talún ná sagairt a bhí ina éadan.

Tá an toil agus misneach sin ag teastáil go fóill inniu. Níl an Spealadh Mór ann ach tá muid ag maireachtáil faoi chóras déine agus níl aon easpa sóiscéalaithe ag an idé-eolaíocht nualiobrálach taobh thiar de.

Is é ceacht Jimmy Gralton gur féidir sin a dhéanamh ón bhun aníos in áit ar bith ach daoine a thabhairt le chéile, fiú más i halla beag é i bportach Liatroma.

3 Responses to Jim Gralton – an tÉireannach ‘eachtrannach’

  1. Arsa Tuairisceoir:

    Athbhlagáladh é seo ar An Tuairisceoir.

  2. Arsa Fear N Fearn:

    fear as Ifreannach?

    A leithéid!

Freagra