Gach abairt Ghaeilge mar ‘philéar i streachailt na saoirse’

Bothán Gaeltachta

Bothán Gaeltachta sa Cheis Fhada

Agus daoine ag plé cúrsaí reatha na Gaeilge le déanaí, chonaic mé roinnt tagairtí don seanfhrása chlúiteach sin faoi gach abairt Ghaeilge a fhoghlaimítear a bheith mar philéar i streachailt na saoirse.

Tá an frása sin anois 30 bliain d’aois agus is dócha go bhfuil sé chomh cumhachtach agus chomh conspóideach agus a bhí riamh, bíodh is go maith le daoine ar gach taobh an abairt amháin sin a úsáid in uaigneas.

Sna luath-1980í bhí borradh mór faoin Ghaeilge sa stáitín seo. Tháinig cuid mhaith de sin ar bhealach amháin nó bealach eile ó na chimí poblachtacha. Spreag teagacs na Gaeilge le linn agóid na pluide daoine, go háirithe nuair a tugadh le fios go raibh an teanga ag an deichniúr stailceoir ocrais. Mar bharr air seo nuair a scaoileadh príosúnaigh saor thosaigh líon acu ag teagasc na Gaeilge ina bpobail féin.

In 1982 bhunaigh Sinn Féin Roinn Cultúir le tairbhe a bhaint as an scéal seo. D’fheidhmigh an grúpa seo ar feadh roinnt blianta ag eagrú ranganna Gaeilge agus ag dul i mbun gníomhaíochtaí éagsúla leis an teanga a chur chun cinn, rud nach raibh éasca sna blianta sin. Agus i mí Bealtaine 1984 d’eagraigh siad seimineár lae ar thábhacht na Gaeilge.

Foilsíodh téacs na gcainteanna agus miontuairiscí na gceardlanna sa leabhrán Ag Foghlaim na Gaeilge. Agus é i mbun oráide ar an ábhar don slua i láthair, dúirt Pádraig Ó Maolchraoibhe:

“B’fhéidir go síleann cuid agaibh go dtig linne, Éireannaigh, a bheith saor agus Gaelach gan ár dteanga féin a labhairt ach ní chreidim go dtig linn. Ní shílim go dtig linn a bheith ar dhóigh ar bith neamhspleách agus muid chomh cóngarach seo do Shasain.

“Má ghlacann muid go bhfuil an cultúr Angla-Meiriceánach forleathan, an cultúr seo a dtugann Poblachtóirí i gcoitinne ‘Coca Cola Culture’ air, ní shílim go dtig linn mairstin mar phobal neamhspleách gan ár dteanga a bheith againn. Is ionann gach abairt a fhoghlaimíonn sibh agus piléar i streachailt ar son na saoirse, is ionann gach cor cainte ar bhur dteanga agus bríce in athógáil mhór, athógáil an náisiúin Ghaelaigh.”

Is léir go raibh ciall ní ba leithne aige seo ná leis an choimhlint idir an pobal náisiúnach i gcoitinne agus an stát Briotanach in Éirinn amháin. Measaim féin go raibh sé ag cur in iúl go raibh tábhacht ag an Ghaeilge mar chuid den streachailt idirnáisiúnta in éadan an impiriúlachais chultúrtha.

Le himeacht aimsire tá athruithe éigin tagtha ar an saol. Tá port nua ag Sinn Féin maidir leis an teanga ar ndóigh, a n-ionadaithe ag maíomh gur gá í a ‘dhípholaitiú’. Ach tá sé soiléir nach bhfuil an troid in éadan an ‘Coca Cola Culture’ thart, ná baol air.

Tá beagnach 7,000 teanga a labhairt ar fud an domhain, agus measann saineolaithe go mbeidh idir 50 faoin chéad agus 90 faoin chéad acu imithe in éag faoi dheireadh an chéid seo. Dar le UNESCO, tá an Ghaeilge i mbaol.

Ar bhealach, is féidir féachtaint air seo mar iarmhairt nádúrtha an chaipitleachais.

Ag díriú ar chúrsaí eacnamaíochta, d’fhoilsigh Oxfam ar na mallaibh tuairisc a insíonn dúinn go bhfuil an méid céanna maoine ag an 85 duine is saibhre ar domhan agus atá ag an 3.5 billiún is boichte. Tá maoin á carnadh i lámha scothaicme. Scríobh Karl Marx in Das Kapital:

“Tá líon mhóruaisle an chaipitil ag síorlaghdú, iad siúd a dhéanann forlámhas agus monaplú ar bhuntáistí uile an phróisis chlaochlaithe seo, agus taobh leis téann an ainnis, leatrom, daorsmacht, táirbhéim agus dúshaothrú i méad; ach mar aon leis seo freisin fásann ceannairc an lucht oibre, aicme atá ag síormhéadú in uimhreacha, agus iad múinte, aontaithe agus eagraithe ag meicníocht chéanna an phróisis tháirgthe chaipitligh é féin.”

Tá an monaplú seo chomh fíor do chultúr agus atá sé do chaipitil, agus tá sé amhlaidh ó thaobh na frithbheartaíochta de chomh maith.

Tá pobail dhúchasacha ar fud na cruinne i mbun gnímh inniu lena dteanga agus a gcultúr a shábháil agus a aistriú chuig an chéad ghlúin eile. Tá siad ábalta ceachtanna a theagasc do, agus a fhoghlaim ó, phobail eile go hidirnáisiúnta.

Mar sin, is cuma cén cineál duine a labhraíonn an Ghaeilge – bíodh siad caitliceach, protastúnach, moslamach nó aindiagach; bíodh siad ina bpoblachtóirí, n-aontachtóirí nó sóisialaithe – is ionann gach abairt Ghaeilge inniu agus buille in éadan an impiriúlachais chultúrtha.

4 Responses to Gach abairt Ghaeilge mar ‘philéar i streachailt na saoirse’

  1. Arsa Dodo:

    Tá sé sin an-spéisiúil. Ní rabhas ar an eolas faoi chomhthéacs leathan an ráitis sin, ceacht eile nach mór bheith amhrasach i dtólamh faoi na meáin bhradacha a chuireann eolas ar fáil dúinn sa coca cola culture seo. Go raibh maith agat as an piléar áirithe sin a scaoileadh!

  2. Arsa ancroiait:

    Haigh
    Crá Croí Cois Cuan. Is mise
    An Croí Ait i gCalifornia 😉
    An-deas bualadh leat.
    Cé go bhfuil SAM mór thimpeall orm,
    cónaím i mo dhomhan Gaelach buíochas leis an idirlíon.
    Is féidir.
    Cruthaigh go Ghaeltacht féin pé áit ina bhfuil tú. #gigá
    Is féidir. Nach iontach an domhan é ☺

  3. Arsa Tuairisceoir:

    Athbhlagáilte ar An Tuairisceoir.

Freagair Séamas Ó Sionnaigh (An Sionnach Fionn) Cealaigh an freagra