Micheál Ó Mealláin – Ag Athaimsiú Laoch Lucht Oibre

Leabhar nua ar Mhícheál Ó Mealláin

Leabhar nua ar Mhícheál Ó Mealláin

An mhí seo beidh comóradh ag tarlú ar an chéad bliain ó cheann Fhrithdhúnadh Mór Bhaile Átha Cliath. I mí Lúnasa 1913 cuireadh tús leis an achrann tionsclaíoch ba mhó agus ba chailiúla i stair na hÉireann.

Tá nós ann féachaint ar an Fhrithdhúnadh mar réamhrá d’Éirí Amach na Cásca trí bliana ní ba mhoille, agus cé go bhfuil fiúntas áirithe ansin is fiú breathnú air i gcomthéacs stair lucht oibre na hÉireann agus tréimhse an cheardchumannachais radacaigh.

Tá an tréimhse seo tábhachtach ó thaobh fhorbairt an phoblachtachais shóisialaigh de – rud a nasctar le Séamus Mór Ó Lorcáin, Séamus Ó Conghaile agus Ceardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann (ITGWU) go háirithe. Ach de réir a chéile tá muid ag fáil léargais ar na daoine eile a raibh i lár an aonaigh sna blianta corraitheacha seo.

Bhraith mé seo arís ar na mallaibh nuair a tháinig mé ar leabhar nua foilsithe ag Coiscéim, cnuasach alt faoi Mhicheál Ó Mealláin, ceann foirne Arm Cathartha na hÉireann a cuireadh chun báis mar gheall ar a ról in eachtraí sheachtain na Cásca 1916.

Do chuid mhaith daoine ba é an bhallraíocht san Arm Chathartha an t-aon eolas a bhí acu ar an Mheallánach. Cé go raibh sé i gceannas ar gharastún na gceannairceach poblachtach i bhFaiche Stiabhna, is mó an chuimhne atá ag daoine i gcoitinne go raibh an Chuntaois Markievicz, an bhean ba chailiúla a thóg páirt san éirí amach, go raibh sí ar duine de na ceannairí ar an suíomh seo. Mar sin, ba ghnách áit na leathphingne a thabhairt don Mheallánach in insint scéal an éirí amach.

Tá an scéal seo á réiteach anois. Séard atá sa leabhar Micheál Ó Mealláin ná sraith aistí a scríobh Séamus Ó Mealláin, an mac is sine leis an Mheallánach, a scríobh sé don iris sheachtanúil Ghaeilge Inniu agus a foilsíodh idir 23 Meán Fómhair agus 28 Deireadh Fómhair 1966.

Díríonn an chéad aiste eile ar luathbhlianta Mhichíl agus ar a chlann, ag fás aníos sna Saoirsí i gcroílár Bhaile Átha Cliath. Ba é Micheál an duine ba shine de sheisear clainne a tháinig slán ó naíonacht; fuair cúigear eile bás agus iad ina leanaí. Ní raibh seo as an ghnáth in aon chor ag an am.

Cé go raibh bá ag a mháthair don phoblachtachas, bhí an chuid eile den teaglach ar an taobh sin báite i gcultúr míleata Shasana. Mí amháin roimh a chúigiú breithlá déag, liostáil sé leis na Royal Scots Fusiliers mar dhrumadóir. Chaith sé beagnach 14 bliain in arm Shasana, cuid mhaith de san India.

Tháinig Micheál abhaile ag deireadh 1902 agus rinne sé iarracht a thréimhse in arm Shasana a chur de. Fuair sé post mar fhíodóir poiplín ag Atkinson & Co agus chuaigh sé le Ceardchumann na bhFíodóirí Síoda sa chathair. Roimh i bhfad bhí sé ina rúnaí ar an cheardchumann. In Earrach 1913 chuaigh na hoibrithe i monarcha Atkinson ar stailc agus bhí Micheál i gcroílár imeachtaí. Bhí bua acu sa deireadh ach níorbh fhada gur éirigh Micheál as a phost sa mhonarcha agus sa cheardchumann.

Chuaigh sé ansin leis an ITGWU, agus roimh i bhfad sé i mbun oibre leis an Arm Chathartha agus faoi dheireadh 1914 d’ainmnigh Séamus Ó Conghaile é mar cheann foirne. Mar aon leis an Chonghaileach scríobh Ó Mealláin sraith alt don Workers’ Republic ag deireadh 1915 ar chúrsaí míleata, a chuir béim ar chogaíocht neamhrialta agus a thug le fios dá lucht léite grubh fhéidir le baicle bheag trodairí an lámh in uachtar a fháil ar fhórsa láidir ar nós arm Shasana.

Ar ndóigh níor cuireadh na teoiricí s’acu i bhfeidhm ar deireadh agus bhí cruth difriúil ar an éirí amach i ndeireadh na dála.

Tá fónamh déanta ag Séamus Ó Mealláin, ag Coiscéim agus ag an eagarthóir Aindrias Ó Cathasaigh leis an leabhair seo agus ní mór fáilte a chur roimhe. A bhuíochas leo tá portráid againn de fhear a fágadh sa dorchadas i bhfad ró-fhada, portráid de cheann foirne Arm Cathartha na hÉireann, de fhíodóir agus de cheoltóir, agus portráid de fhear teaghlaigh agus de dhuine daonna.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: