Siombalachas an G8 i scrios ár staire

G8

G8

Tháinig deireadh ar na mallaibh leis an obair seandálaíochta ag crannóg Dhroim Chléithe, cóngarach d’Inis Ceathlainn i gContae Fhear Manach. Ónar cuireadh tús leis an obair i mí Lúnasa na bliana seo caite, thánagthas ar níos mó ná 4,000 iarsma – cuid acu ag dul siar go dtí an seachtú nó an t-ochtú haois.

Nuair a thosaigh an fhoireann ar an tochailt, ba léir dóibh go raibh an suíomh i bhfad ní ba shuntasaí ná mar a shíl duine ar bith roimhe. Deir seandálaithe go dtugann an suíomh seo tuiscint nua dúinn ar an seansaol in Éirinn breis agus míle bliain ó shin.

Ba mhó an spéis a bhí ann don taiscéaladh seo ar ár stair, agus eagraíodh roinnt laethanta oscailte a thug seans do dhaoine féachaint ar an obair a bhí ar siúl. Ní raibh lucht na crannóige in ann freastal ar an éileamh a tháinig ón phobal. Chuidigh an spéis seo síneadh ama a fháil do na seandálaithe lena gcuid oibre a dhéanamh.

Sa deireadh thiar thall, tháinig an lá a raibh orthu stad iomlán a chur leis an obair. Nó bhí bóthar nua le tógáil thar an suíomh thábhachtach stairiúil seo – bóthar a bhfuil á thógáil ar mhaithe le cuairt an G8 i mí Meithimh.

Nach láidir an siombalachas atá i scrios chrannóg Dhroim Chléithe chun lucht an G8 a fháiltiú go hÉirinn.

An G8 – Grúpa an Ochtair – na tíortha is saibhre agus is cumhachtaí ar domhan (seachas an tSín). Buaileann a gceannairí le chéile go bliantúil le clár oibre a leagan amach ar cheisteanna domhanda.

Agus na guthanna is boichte ar iarraidh ón chumann rachmasach seo, ní nach ionadh go mbíonn an clár oibre s’acu chun sochair don scothaicme rí-shaibhir thar aon ghrúpa eile.

Ar ndóigh, beidh agóidí ann. Tiocfaidh ceardchumainn, grúpaí timpeallachta, eagraíochtaí chearta daonna, sóisialaithe agus daoine nach iad le chéile le cur in éadan pholasaithe an G8.

Tá sé le feiceáil cheana go mbeidh an stát comhéigneach ag freagairt do na hagóidí seo go hoscailte. Tá 4,000 péas le teacht isteach ón Bhreatain, beidh an comhlacht slándála príobháideach G4S ag obair ann chomh maith, agus maíodh le déanaí go bhfuil bloc iomlán i Maigh gCabraí ag fanacht ar dhaoine a thógfar le linn chruinniú an G8.

Tá seanbheairic Arm na Breataine san Ómaigh le bheith in úsáid le daoine a choinneáil chomh maith. Agus reáchtálfar cúirteanna speisialta díreach do na daoine céanna.

Is seafóideach é go bhfuil seo uilig ag titim amach bunaithe ar an fhéidearthacht go dtarlóidh rud éigin. Is seafóidí fós é nuair a chuireann tú freagra an stáit sa chás seo i gcomparáid le freagra an stáit ar agóidí ‘na brataí’ ó bhí mí Nollag ann. Sa chás sin bhí círéibeacha ann, bhí iarrachtaí ann le póilíní a mharú, bhí cur isteach mór ann do ghnáthdhaoine agus iad ag dul i mbun a gcuid ghnó. Ach cá raibh an chniogbheartaíocht sa chás sin?

Ní mór dúinn a bheith airdeallach ar na bealaí a bhainfidh an stát úsáid as an chuairt seo agus as bagairt na trioblóide chun ár gcuid cearta a chur faoi chois.

Nuair a bhí an cruinniú G8 sna Stáit Aontaithe anuraidh, tugadh isteach léir mór reachtaíochta speisialta chun na hagóidí a láimhseáil. I ndiaidh an chruinnithe áfach, coinníodh cuid mhaith den reachtaíocht seo mar reachtaíocht normálta.

Tá sé ag tarlú anseo cheana féin, rud atá le feiceáil le cás Barbara Muldoon. Is ábhar dlíodóra í Barbara, bean mhisniúil a oibríonn le teifigh agus a dhéanann scoth oibre ar chúrsaí frith-chiníochais. Mar a bhí le léamh sa pháipéar seo, tá an tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí ag tarraingt Barbara os comhair na cúirte mar gheall ar agóid in éadan an BNP a tharla siar in 2009.

Níl bunús ar bith leis an chás, ach ina ainneoin sin tá an chuma ar an scéal go mbeidh an bua ag an lucht ionchúisimh. An rud is tábhachtaí dóibh áfach ná go bhfuil Barbara ina heiseamláir. Sin mar a oibríonn ‘ceartas’ sa stáitín suarach seo.

Dá mbeadh ceartas ar bith ann, ní bheadh caint ann faoin lucht agóide a chur faoi ghlas, ach faoin G8 féin a chur faoi ghlas. Is ionadaithe iad an grúpa seo ar na dúnmharfóirí, gadaithe agus creachadóirí is measa ar domhan.

Ach bealach amháin nó bealach eile, beidh teachtaireacht á scaoileadh ar fud na cruinne ó Éirinn go bhfuil slí níos fearr ann.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: