Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe – mórán le ceiliúradh?

Brataí dearga ar Lá Bealtaine i mBéal Feirste

Brataí dearga ar Lá Bealtaine i mBéal Feirste

Agus an chéad lá de mhí Bealtaine buailte linn, tá gluaiseachtaí an lucht oibre in Éirinn agus ar fud na cruinne ag mairceáil Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe. Téann an traidisiún seo siar go 1886, nuair a bhí ollstailc ar siúl sna Stáit Aontaithe ar son lá oibre ocht n-uaire. Ar 4 Bealtaine, bhris círéib amach ag léirisú lucht oibre i Siceagó agus maraíodh roinnt oibrithe agus póilíní.

Ó shin i leith, déantar comóradh ag tús mhí Bealtaine ar na híobairtí atá déanta ag oibrithe sna glúnta romhainn le bunchearta a bhaint amach don chosmhuintir. Ar fud na hÉirinn i mbliana beidh ceiliúradh ar leith ann chomh maith ar an chéadú bliain ó cheann Fhrithdhúnadh Mór Bhaile Átha Cliath, an díospóid thionsclaíoch ba mhó i stair na hÉireann.

Don chéad uair le roinnt mhaith bhlianta, tá an chuma ar an scéal go mbeidh rud le ceiliúradh ag gluaiseacht an lucht oibre i ndáiríre. Coicís ó shin sna Sé Chontae Fichead, vótáil tromlach na gceardchumann san earnáil phoiblí in éadan an Dara Chomhaontú Pháirc an Chrócaigh. I gcroílár an chomhaontuithe bhí moladh ann go mbeadh daoine ag obair níos mó uaireanta ar mhaithe le níos lú pá.

Bhí an rialtas i mBaile Átha Cliath ag dúil le €1 billiún a shábháil thar trí bliana, ach ba léir go raibh oibrithe san earnáil phoiblí bréan de pholasaithe seo na déine. Tá siad ag glacadh le ciorruithe ina bpá agus ina bpinsean, agus i seirbhísí riachtanacha chomh maith, agus is léir go bhfuil siad bréan den easpa cothromais ó thaobh ualach na géarchéime eacnamaíochta a iompar.

Tá polasaithe na déine i gcoiteann faoin spotsolas arís chomh maith. Tharla seo de bhrí gur tháinig mac léinn eacnamaíochta ar mheancóga sa pháipéar Growth in a Time of Debt, páipéar le beirt eacnamaithe in Ollscoil Harvard a bhí mar bhunús ag roinnt mhaith rialtas agus iad ag argóint ar son pholasaithe déine a chur i bhfeidhm.

Ní hé seo an chéad uair a bréagnaíodh páipéar Carmen Reinhart agus Kenneth Rogoff, ach tugann sé chun suntais arís eile cé chomh lochtach agus atá polasaithe na déine agus tíortha ag iarraidh cúlú eacnamaíochta a láimhseáil. Tugann sé le fios arís eile go bhfuil clár oibre eile taobh thiar de pholasaithe na déine.

Seachtain ó shin vótáil Teach na dTiarnaí i Westminster in éadan iarracht chun Alt 75 a chur ar ceal. Séard atá in Alt 75 den Acht um Chúram Sóisialta agus Sláinte ná riail a deir gur gá gach seirbhís NHS a oscailt don mhargadh le haghaidh comórtais.

Leis an athchóiriú ar leasa sóisialta atá ar siúl i láthair na huaire, fuair an comhlacht príobhaideach Atos an conradh le measúnú a dhéanamh ar dhaoine a fhaigheann sochar míchumais. Tá líomhaintí forleathana ann go bhfuil spriocanna ag Atos le formhór na ndaoine a bhaint ón sochar seo ar mhaithe le airgead a shábháil do rialtas na Breataine.

Cuid eile den athchóiriú ar leasa sóisialta atá go mór i mbéal an phobail ná ‘cáin an tseomra leapa’ – is ionann sin agus sochar cóiríochta a ghearradh de réir mar a mheastar go bhfuil seomra nó seomraí sa bhreis sa teach, nó teaghlaigh a bhogadh go teach ‘níos foirsteanaí’.

Rachaidh seo i bhfeidhm ar thimpeall 32,000 teaghlach anseo sna Sé Chontae. Aithnítear áfach nach bhfuil na tithe ann le déileáil leis, mar sin beidh ar dhaoine díreach glacadh leis an ghiorrú ina sochar cóiríochta. Tá an argóint déanta ag leithéidí Chóndaihm na gCumann Tithíochta áfach go gcosnóidh na critéir níos mó airgid ná a shábhálfaidís, agus is dócha go gcuirfidh feidhmeannas Stormont a reachtú ar athló.

Ba chóir é a chealú go hiomlán, agus fágann éiginnteacht Stormont ar ábhair cosúil leis seo agus le tabhairt isteach na dtaillí uisce, mar shampla, ceisteanna faoi cé chomh cumasach nó éagumasach agus atá an riarachán díláraithe.

Tá na hionsaithe seo ar an chóras sochar ag croílár an ionraidh atá idir lámha ag rialtais na heite deise ar an chóras leasa shóisialta ina iomláine. Cluineann muid go léir na scéalta ag deamhnú na cosmhuintire mar sheipléirí agus shúmairí.

Ach ní hiad an chosmhuintir, na bochtáin agus na daoine is leochailí na fíorshúmairí inár sochaí. Tá ionsaí ar siúl ar sheirbhísí poiblí riachtanacha chun íoc as an leas sóisialta corparáideach, le dul i mbannaí ar na baincéirí agus araile, agus chun deiseanna nua brabúsaíochta a chur ar fáil do lucht an rachmais.

Is é seo an streachailt is mó atá os comhair gluaiseacht na gceardchumann agus gluaiseacht an lucht oibre i gcoiteann. Ní amháin gur gá polasaithe na déine a aisiompú, ach is géarghá é fós cogadh na bolscaireachta a bhuachan ar dtús báire

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: