Cás na gcimí a chíoradh ag cruinniú Rosemary

Rosemary Nelson

Rosemary Nelson

Bhí an Léacht Bliantúil Comórtha Rosemary Nelson ar siúl i Muileann Mhic Con Midhe Déardaoin 14ú Márta. Ba é an lá dár gcionn, an 15ú Márta, an comóradh ceithre bliana dhéag ar dhúnmharú Rosemary.

Tá an t-imeacht cuimhneacháin seo á reáchtáil le blianta beaga anuas ag an dlíodóir agus gníomhaí chearta daonna Pádraigín Drinan le cuimhneamh ar a cara agus ar an obair ar fad a rinne sí, trí aird a dhíriú ar cheisteanna chearta daonna sa lá atá inniu ann.

I mbliana dhírigh an chaint isteach ar cheist na gcimí agus ar an drochíde a fhulaingíonn cuid mhaith acu go minic faoi lámha an stáit. Bhí paineál de chainteoirí ann ar an oíche ag labhairt ar ghnéithe éagsúla den ábhar seo.

Thosaigh an chaint le trácht ar chásanna roinnt chimí poblachtacha agus na bealaí éagsúla a bhfuil an stát ag úsáid (agus ag mí-úsáid) reachtaíochta chun iad a chiapadh.

Tá Stephen Murney ar choiméad i bPríosún Mhaigh gCabraí le ceithre mhí anuas. Díreach sula raibh éisteacht bhanna le bheith aige ag deireadh mhí Feabhra, thóg an PSNI ón phríosún é go hionad ceistiúcháin Aontroma, áit ar chuir siad tuilleadh cúiseamh ina leith.

Cúisimh sheafóideacha atá iontu a bhaineann le stionsail agus bileogaí agus eile a bheith ina sheilbh. Ní mór do gach gníomhaí polaitiúil féachaint ar an chás seo áfach nó má éiríonn leis an stát Stephen a chiontú as cúiseanna chomh suarach leis seo, ceann caol na dinge a bheas ann gan amhras – agus an G8 ag teach gan mhoill chomh maith.

Bhí fócas ar an reachtaíocht i gcás Martin Corey, ar cheist scanrúil na fianaise rúnda nach bhféidir le Martin ná a fhoireann chosanta a fheiceáil, agus ar na ‘habhcóidí speisialta’ atá in ainms seasamh don chosantóir ach nach bhfuil ábalta aon rud a rá leo.

Rinneadh tagairt chomh maith don chinneadh a rinne an Breitheamh Séamus Treacy mí Iúil seo caite go raibh cearta daonna Martin sáraithe agus gur chóir é a scaoileadh saor láithreach, ach gur chuir státrúnaí na Breataine an cinneadh sin ar ceal go tobann.

Rinne an Dr Linda Moore cur síos ar phríosún na mban i Hydebank mar ‘phríosún laistigh de phríosún’. Labhair sí faoi dhrochshláinte Marian Price agus labhair sí chomh maith faoi staid na mban i ngéibheann go ginearálta agus ar an taighde atá déanta aici ag fiosrú an scéil seo.

Rinne sí cur síos ar chás tragóideach Frances McKeown, bean óg 23 bliain d’aois a d’fulaing faoi fhadhbanna meabharghalair ach a bhí faoi ghlas i Hydebank, áit nach raibh teacht aici ar an chuidiú a bhí de dhíth uirthi. Fuarthas marbh ina cillín í mí Bealtaine 2011.

Luaigh Moore chomh maith gur chonacthas di agus í i mbun tuairisce ar phríosúnú na mban go raibh beagnach an leathchuid de mhná i bpríosún sa tréimhse sin ann mar gur theip orthu fíneálacha a íoc.

Bhí sin díreach roimh an titim eacnamaíoch atá linn go fóill agus roimh an ionsaí fíochmhar atá rialtas reatha na Breataine ag déanamh ar leasa sóisialta. Cad é a tharlós nuair atá níos mó agus níos mó teaghlach ag streachailt leis na billí?

Is féidir méid na sibhialtachta i sochaí a mheá ach dul isteach ina príosúin, arsa an scríbhneoir Rúiseach Fyodor Dostoyevsky. Is léir go bhfuil fhadhb mhór againn sa stáitín seo.

Ní hé amháin go bhfuil stát na Breataine rí-shásta dlithe comhéigneacha a chur i bhfeidhm, go háirithe agus iad ag déileáil le poblachtóirí agus grúpaí eile a thugann siad ‘sceimhlitheoirí’ orthu, ach go bhfuil nós acu reachtaíocht éigeandála nó speisialta a thiontú ina reachtaíocht normálta.

Agus tá an iomarca duine ann a mhaíonn go seasann siad ar son chearta daonna ach ab é go bhfuil na grúpaí úd i gceist. Tá seantaithí ag poblachtóirí air seo, ach tá cimí poblachtacha an lae inniu níos aonraithe, imeallaithe agus soghonta ná mar a bhí siad le tamall fada.

Tá teachtaireacht á scaoileadh ag rialtas na Breataine agus ón fhearas s’acu sna Sé Chontae gur féidir leo duine ar bith chur faoi ghlas ar chúis ar bith is mian leo, gan rochtain ag an duine ar pé fianaise atá ann chun é nó í féin a chosaint.

Caithfimid go leir cur in éadan na n-iarrachtaí le stát nua comhéigneach a bhunú. Is cuma an duine – má sháraítear cearta dhuine amháin, sáraítear ár gcearta go léir.

Níor dhiúltaigh Rosemary Nelson an fód a sheasamh. Sin ceacht nár chóir dúinn ligean i ndearmad riamh. Buíochas le hiarrachtaí Phádraigín Drinan agus eile, táthar ann a chinnteoidh nach dtarlóidh a leithéid go deo na ndeor.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: