Agus an clár “tallainne” X-Factor á úsáid mar uirlís bolscaireachta do fhórsaí impireachta na Breataine, thug an páirtí sóisialach poblachtach éirígí freagra ar an amhrán Hero a d’eisigh siad lena bhfíseán féin a léiríonn fírinne an impiriúlachais san Iaráic agus in Éirinn chomh maith.
Bhí díospóireacht shuimiúil ar siúl i Mí Márta na bliana seo i gColáiste Feirste i mBéal Feirste ar cheist na Gaeilge agus a stádas i sochaí na hÉireann sa lá atá inniu ann. Fiú más ar mhaithe leis an chartlann amháin atá sé, is fiú fós na físeáin a fheiceáil nó tá mé cinnte go mbeidh na téamaí go fóil an-ábhartha san am atá amach romhainn.
D’eagraigh POBAL an díospóireacht phoiblí seo agus bhí Príomhfheidhmeannach an scátheagrais, Janet Muller, bhí sí ina cathaoirleach ar an imeacht.
Labhair Eoghan Ó Néill, iriseoir agus colúnaí, labhair sé faoi na meáin chumarsáide Ghaeilge agus faoi ról na bpolaiteoirí sa cheist sna sé chondae.
Labhair Féilim Ó hAdhmaill, léachtóir i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus thóg sé na ceisteanna sóisialta agus eacnamaíochta agus cheist an choilíneachais a bhaineann leis an teanga thuaidh agus theas.
Labhair Dónall Mac Giolla Chóill, eagarthóir La Nua, labhair sé faoi stádas na teanga sna sé chondae fichead agus sa Ghaeltacht go háirithe.
Tá sraith chlár a rinneadh do NvTv, Teilifís Phobail Bhéal Feirste, tá an tsraith seo anois le fáil ar líne. Chuir Chrissie McGlinchey agus Raymie Lawlor na cláir seo le chéile, agus aidhm acu go mbeadh clár Gaeilge ann a dhíríonn isteach ar chúrsaí reatha agus ceisteanna mór le rá an lae anseo sna sé chondae in áit a bheith ró-dhírithe ar an sean-nós agus ar an traidisiúnachas. Iarracht an-mhaith atá ann, agus tá súil agam go mbeidh a thuilleadh le teacht roimh i bhfad.
Dé Sathairn (24ú Feabhra 2007) bhí na mílte i mBéal Feirste don mhórshiúil ar son Acht Gaeilge do na Sé Chondae. Tháinig timpeall 4,500 ó áiteanna éagsúla ar fud fad na hÉireann (agus comrádaithe ó thar lear chomh maith) le bheith páirteach sa mhórshiúil, idir óg agus aosta, le Gaeilgeoirí, foghlaimeoirí agus díograiseoirí ag éileamh a gcearta.
An scéal is suimiúla le teacht as an lá, afách, ná an neamhaird a thug na meáin teilifíse Béarla don imeacht. Bhí na mílte ag siúl trí chroílár chathair Bhéal Feirste, agus ní dhearna an BBC ná UTV faic de thagairt dóibh. Agus seo an BBC céanna, ar ndóigh, a éilíonn go n-íocaimid as ceadúnas teilifíse, comhlucht a thug Gaeilgeoirí os comhair na cúirte as gan a bheith ag íoc as an cheadúnas céanna. B’fhéidir go dtaispeánann seasamh an BBC ar an mhórshiúil stairiúil seo an fáth nach bhfuil neart de Ghaeil na sé chondae sásta íoc as an cheadúnas teilifíse – de bhrí nach bhfreastalaíonn an BBC ar na Gaeilgeoirí seo, ná ar an saol agus scéalta a bhaineann leo.
Tá daoine éagsúla ag iarraidh go ndéanfar gearán faoin BBC leis OFCOM (rialóir neamhspleách ar na meáin chumarsáide) agus leis an BBC féin.