Polaitiú an Chonartha(?)

22 May, 2006

Mhaígh Daíthí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, mhaígh sé taobh amuigh de Theach Laighin inniu gur chóir do dhaoine a gcuid vótaí a thabhairt do pháirtithe atá ar son na Gaeilge.

Tagann seo mar thoradh ar phlean Fhine Gael ísliú stádais a thabhairt don Ghaeilge san chóras oideachais ó dheas, agus de réir dealraimh is iadsan a fhulaingeoidh mar gheall ar easpa vótaí Gaelacha. Níl aon fhadhb agam le seo, mar níl meas madaidh agam ar na léinte gorma. Bhí Mac Cárthaigh cliste diúltú do thacaíocht a thabhairt do aon pháirtí ar leith, ach ag an am céanna caithfear an cheist a chur – cé hiad na páirtithe atá i ndáiríre faoin teanga?

Bhí Fianna Fáil (Fianna Fail, an ea?) sásta an Ghaeilge a fhágáil ar leataobh go dtí gur tháinig an t-eagras Stádas le chéile chun comhionnanas a fháil don teanga san Aontas Eorpach. Sin an dá pháirtí is mó sa tír as an áireamh. Cé eile atá ann?

An Páirtí Daonlathach – Tá McDowell róghnóthach agus é sa tóir ar inimircigh, agus tá a sá ar a cúram ag Harney ag déanamh áir ar an chóras sláinte. An Páirtí Glas – Ghearr siadsan teideal Gaeilge an pháirtí ó phóstaeirí dá chuid de bhrí go mbeadh siad ‘déistineach’ san OirThuaisceart.

De réir scéil tá Sinn Féin dáiríre faoin teanga – tá próiséas inmheánach Ghaelaithe tosaithe acu. Ach an bhfuil éinne eile ann? Joe Higgins? Na Teachtaí neamhspleácha?

Is rud maithe é go bhfuil an Ghaeilge i mbéal an phobail ar bhealach nach raibh sé le tamall fada anuas. Rachaidh seo i gcion ar na polaiteoirí. Tchífimid roimh i bhfad cad é an bharúil atá acu, tchífimid an bhfuil siad ar son na Gaeilge.


Baghcat an Chonartha ar chomóradh ’16

14 Aibreán, 2006


Bhí scéal ar inniu (is féidir cóip den pháipéar nuachta a íoslódáil anseo) go mbeidh Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh, go mbeidh sé ag déanamh baghcait ar an chomóradh i mBaile Átha Cliath ar Éirí Amach 1916.

Agus goidé an fáth a thug sé don seasamh dúshlánach seo? An é go bhfuil an tír scartha ag na Sasanaigh agus go bhfuil sé condae san OirThuaisceart go fóill faoi chois? An é go bhfuil Rialtas na tSaorstáit a thabhairt tacaíochta do fhórsaí an impiriúlachais san Iaráic? An é go bhfuil siad ag cuidiú le forghabháil na Palaistíne? Ní hea.

Is é cúis na hagóide ná nach léifear Forógra na Poblachta as Gaeilge.

Um… ceart go leor. Bhí mé féin ag dúil go raibh fáth eile taobh thiar de seo, ach ar an drochuair níl. Aontaím gur chóir go mbeadh an teanga dúchais lárnach in ócáid mar seo, ach níor chuir sé pioc iontais orm go raibh Rialtas na Poblachta (Poblacht na Seoiníní, gan amhras) a dhul ‘dearmad’ a dhéanamh ar an Ghaeilge.

Agus mar bharr ar an donas, ní chóir go gcuirfeadh ráiteas an Uasail Mhic Cárthaigh iontas orm. Ar ndóigh tá mé ag scríobh faoi Chonradh na Gaeilge anseo, Cumann na nDineasár amach is amach atá iontu.

Mór mo náire,
Mo chlann féin
do dhíol a máthair.
Mise Éire

srl srl…