Teanga, Pobal agus Polaitíocht

20 June, 2008

Bhí díospóireacht shuimiúil ar siúl i Mí Márta na bliana seo i gColáiste Feirste i mBéal Feirste ar cheist na Gaeilge agus a stádas i sochaí na hÉireann sa lá atá inniu ann. Fiú más ar mhaithe leis an chartlann amháin atá sé, is fiú fós na físeáin a fheiceáil nó tá mé cinnte go mbeidh na téamaí go fóil an-ábhartha san am atá amach romhainn.

D’eagraigh POBAL an díospóireacht phoiblí seo agus bhí Príomhfheidhmeannach an scátheagrais, Janet Muller, bhí sí ina cathaoirleach ar an imeacht.

Labhair Eoghan Ó Néill, iriseoir agus colúnaí, labhair sé faoi na meáin chumarsáide Ghaeilge agus faoi ról na bpolaiteoirí sa cheist sna sé chondae.

Labhair Féilim Ó hAdhmaill, léachtóir i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus thóg sé na ceisteanna sóisialta agus eacnamaíochta agus cheist an choilíneachais a bhaineann leis an teanga thuaidh agus theas.

Labhair Dónall Mac Giolla Chóill, eagarthóir La Nua, labhair sé faoi stádas na teanga sna sé chondae fichead agus sa Ghaeltacht go háirithe.


Diúlatíonn aontachtóirí do chuimhneachán an Chonghailigh

07 Aibreán, 2006

Séamus Ó Conghaile
I Halla Cathrach Bhéal Feirste ar na mallaibh bhí rún ag Sinn Féin (le tacaíocht ón SDLP) fuinneog chuimhneacháin a chur san fhoirgneamh do Shéamus Ó Conghaile, duine de cheannródaithe an tsóisialachais in Éirinn.

Iontas na n-iontas, bhí na haontachtóirí in éadan an rúin. Dúirt gealt ón DUP go raibh an rún mar chuid de scéim chomhcheilgeach na bpoblachtóirí le féiniúlacht Bhriotanach na Sé Condae a dhíothú.

Bhí cónaí ar an Chonghaileach insa chathair seo cois cuain ar feadh na mblianta ag tús na fichiú haoise. Agus é ina oifigeach den ITGWU bhí sé ina chónaí ar Bhóthar na bhFál lena theaghlach. D’oibrigh sé go díograiseach ar son lucht oibre na cathrach agus throid sé go dian in aghaidh an tseicteachais.

Bhuel, b’fhéidir nach iontas é nach bhfuil aontachtóirí sásta é a fheiceáil lá i ndiaidh lae. Déanfaidh iarsmaí an impiriúlachais cúis dóibh siúd.